Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 11 May 2017
Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates for Public Services 2017
Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs (Revised)
2:10 pm
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil liosta mór de thograí caipitil. Táimid ag ceadú tograí chuile sheachtain agus chuile mhí i rith na bliana. Tá liosta mór ann. Tá obair ar siúl faoi láthair, mar shampla, in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna. Le scéimeanna eile, táimid ag fanacht le dul ar aghaidh, cosúil leis an bhFál Carrach agus áiteanna eile freisin. Más féidir breis airgid a chaitheamh ar thograí caipitil agus más rud é go mbeidh sé ar fáil, beidh muid in ann é sin a dhéanamh.
No comments