Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 11 May 2017

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2017
Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs (Revised)

2:10 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, bhí laghdú ar an airgead in iomlán sa bhuiseád caipitil mar gheall go bhfuaireamar €6 mhilliún i rith na bliana ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil don togra don chéibh nua ar Inis Oírr. Ní rabhamar in ann an t-airgead sin a chaitheamh in 2016. Bhí €1.9 milliún ar fáil in 2016 chun Teach an Phiarsaigh a chríochnú. Tá an obair sin déanta agus tá an-jab déanta acu. Molaim an obair a rinne Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus an comhairle contae. Tá an áit sin ar oscailt anois ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá daoine ag teacht ann. Sílim go mbeidh níos mó aitheantais ar an áis as seo amach. Bhí laghdú ar an mbuiséad caipitil mar gheall ar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.