Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 11 May 2017

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2017
Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs (Revised)

2:10 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Maidir leis na hoiléain, tá an ceart ag an Teachta. Ní bheidh mórán airgid caite ar céibh Inis Oírr i mbliana. Táimid ag fanacht ar tairiscint ón RPS Group chun dul ar aghaidh leis an méid atá le déanamh acu. Nílim cinnte go fóill cé mhéad a bheidh i gceist. Ó thaobh an obair caipitil, níos túisce i mbliana d'iarr mo Roinn ar na comhairlí contae a bhfuil oileáin faoina chúram ar a bhfuil buan-chónaí liosta tograí go bhféadfaidís dul ar aghaidh leo i mbliana a chur le chéile. Tá liosta mór faighte againn ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Contae Shligigh, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Contae Chorcaí. Tá figiúir ansin. Tá scéimeanna le dul ar aghaidh ar fiú thart ar €2.273 milliún.

Freisin, tá éileamh ó Sherkin Island Development Society, SIDS, ar chúnamh i dtreo ionad pobail a thógáil ar an oileán. Tá féidearthacht nach bheadh a lán costais ansin i 2017 ach beidh siad ar iarraidh airgid. Tá sé beartaithe go bhfuil dhá fhoirgnimh a thógáil do na feithiclí ag Aerodrome Inis Oírr agus Aerodrome Inis Meáin. Arís, ní féidir bheith cinnte ag an am seo cé mhéad costais a bheidh le sin i 2017. Tá éileamh ó Chomairle Contae Mhaigh Eo ag seasamh amach le tamall maidir le costas breise a thit uirthi maidir le forbairt chéanna Inis Toirc agus Cliara. Tá figiúr de €1.7 milliún luaite le seo. Tá siadsan ag iarraidh airgid freisin. Cinnte, tá a lán iarratais ó thaobh na n-oileáin de a bheimid in ann an t-airgead sin a chaitheamh orthu i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.