Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 11 May 2017

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2017
Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs (Revised)

2:10 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as gnóthaí Gaeltachta, failtím roimh an deis labhairt leis an roghchoiste inniu. Mar a thuigfidh baill den choiste, tá réimse leathan oibre agus gníomhaíochtaí idir láimhe agam féin agus ag mo chuid oifigigh chun tacú leis an nGaeilge. Is orainn atá an fhreagracht fhoriomlán as cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil an obair agus an infheistíocht atá á déanamh i gcaitheamh an ama i leith an raon leathan scéimeanna, bearta, clár agus tionscnamh atá á mhaoiniú ó rannóg na Gaeltachta de chuid mo Roinne lárnach sa scéal mar a bhaineann sé le feidhmiú na straitéise 20 bliain. Tá sé i gceist go mbeidh plean gníomhaíochta don tréimhse 2017 go 2022, ina mbeidh spriocanna sonracha agus amscálaí ina leith, á chur i dtoll a chéile ag mo Roinn agus á fhoilsiú faoi lár na bliana seo.

Ó cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teanga trí bliana ó shin, is ar ullmhúchán pleananna a bhí an próiseas dírithe go dtí seo. Lean an obair seo ar aghaidh i gcaitheamh na bliana anuraidh. An mhí seo chaite, d'fhógair mé go raibh allúntas ar fiú €850,000 in iomlán á chur ar fáil agam chun cabhrú le feidhmiú an phróisis pleanála teanga sa bhliain reatha. Agus tús á chur le feidhmiú pleananna teanga i suas le 13 limistéar Gaeltachta faoi leith i mbliana, tógfar céim mhór chun tosaigh le feidhmiú an phróisis, agus dá réir, le feidhmiú na straitéise.

Dul chun cinn thar a bheith suntasach a bhí i bhfoilsiú an pholasaí don oideachas Gaeltachta ar an gCeathrú Rua i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Is é seo an chéad phlean a d'eisigh an Stát ó bunaíodh é a thugann aghaidh go sonrach ar na dúshláin atá roimh an chóras oideachais sa Ghaeltacht. Beidh mo Roinn ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun ár gcion a dhéanamh sa chaoi is go mbeidh rath ar an bpolasaí seo.

Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil d'Údarás na Gaeltachta mar an ghníomhaireacht forbartha réigiúnach don Ghaeltacht agus oibríonn sí go dlúth leis. Maidir le buiséad caipitil an údaráis do 2017, fuair mé €1 milliún breise i maoiniú caipitil aonuaire mar chuid de Mheastacháin Athbhreithnithe 2016. Tá sé coinnithe don bhliain reatha, rud a chiallaíonn gurb é €6.687 milliún an bunlíne nua caipitil i mbuiséad 2017 d'Údarás na Gaeltachta, €1 milliún níos airde ná an bunlíne i mbuiséad 2016. Ar ndóigh, bhí áthas orm gur éirigh liom maoiniú breise de €2.4 milliún a chur ar fáil do bhuiséad caipitil Údáras na Gaeltachta le linn 2016. Chuir an maoiniú breise seo ar chumas Údarás na Gaeltachta poist a choinneáil ina gcliant-chomhlachtaí sa Ghaeltacht agus tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta. Chuige sin, is í mo thuiscint go bhfuil sí mar aidhm ag an údarás 500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht i 2017.

Tá an Foras Teanga ar ceann de na sé chomhlacht forfheidhmithe a bunaíodh faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999. D'éirigh liom €1 milliún sa mbreis a fháil don bhForas Teanga roimh dheireadh na bliana seo caite, suim de bhreis ar €260,000 a cuireadh ar fáil do thionscadail ar leith anuraidh agus méadú €750,000 a bhí curtha san áireamh sna Meastacháin Athbhreithnithe do 2017. I measc buaicphointí 2016 bhí iomlán an ábhair as Foclóir Nua Béarla foilsithe ar líne ag Foras na Gaeilge; lárphointe eolais don Ghaeilge ar bun ag Conradh na Gaeilge, www.peig.ie; agus suíomh tairsí nua don Ghaeilge, www.gaeilge.ie, seolta.

Tá roinnt céimeanna tógtha anseo in Éirinn agus sa Bhruiséil chun tabhairt faoi dheireadh a chur leis an maolú maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontas Eorpaigh i 2021. Le linn 2016, thug an Roinn faoi feachtas poilbíochta chun cuidiú leis na comórtais earcaíochta a bhí curtha ar bun anuraidh ag institiúidí an Aontais agus cuireadh thart ar €1 milliún ar fáil don earnáil tríú leibhéal chun cursaí oiliúna cuí do na poist sin a chur ar fáil. Anuraidh freisin, bhunaigh Comisiún na hEorpa agus Rialtas na hÉireann grúpa monatóireachta chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm phlean gníomhaíochta atá forbartha agus ar an dul chun cinn maidir leis an méadú incriminteach ar sheirbhísí Ghaeilge atá leagtha síos sa Rialacháin. Leis na forbairtí seo uile, táim lán-mhuiníneach go mbeidh ar ár gcumas deireadh a chur leis an maolú i 2021.

Maidir le teagasc na Gaeilge in ollscoileanna thar lear, tá ag éirí go han-mhaith leis an gclár seo agus tá méadú leanúnach tagtha ar na hiarratais faoin scéim ó bhliain go bliain. Mar léiriú ar sin, tá deontais de €1.8 milliún san iomlán ceadaithe don tréimhse 2016-2017 go 2018-2019 le os cionn 40 ollscoil agus coláistí tríú leibhéal timpeall an domhain. Cuireann an scéim seo go mór le scoláireacht na Gaeilge i measc an phobail acadúil idirnáisiúnta agus méadaítear stádas na teanga dá réir.

Tá obair leanúnach ar bun againn chun cuidiú le chur chun cinn na Gaeilge tríd an teicneolaíocht. Tá forbairtí móra déanta agus á ndéanamh ar chorpas na Gaeilge leis an bhfoclóir nua foclóir.ieagus an suíomh téarma.ie. Chomh maith leis sin, tá tacaíocht á tabhairt ag mo Roinn d'Acadamh Ríoga na hÉireann chun foclóir stairiúil na Gaeilge a chur i gcrích.

Anuas ar na forbairtí seo go léir, tá córas ríomh-aistriúcháin don Ghaeilge forbartha ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide agus tá an tionscadal taighde abair.iei gColáiste na Tríonóide ag déanamh tuilleadh forbartha ar shíntéiseoir Gaeilge, is é sin córas inar féidir téacs scríofa a aistriú go caint bheo i gcanúintí éagsúla. Chun na deiseanna teicneolaíochta seo ar fad a threisiú san am amach romhainn, tá plean digiteach don Ghaeilge á ullmhú faoi láthair le tacaíocht na Roinne agus tá súil agam go mbeidh sé réidh le seoladh gan mhoill.

Tar éis athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), a dréachtaíodh anuraidh, agus tréimhse comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara, tá ceannteidil nua Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a ndréachtú faoi láthair. Tá sé beartaithe na ceannteidil nua a chur faoi bhráid an chéad chruinniú eile de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Ar ndóigh, má tá rath le bheith ar an mBille nua agus muid ag iarraidh feabhas a chur ar líon na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge, caithfear dul i ngleic le fadhb na hearcaíochta. Ar iarratas uaimse, tá plé ar bun le tamall anuas ag m'oifigigh lena gcomhghleacaithe i Ranna eile agus sna príomhfhorais poiblí, le scrúdú a dhéanamh ar a gcuid riachtanais i dtaca le daoine atá feidhmiúil go dátheangach. Tá an próiseas seo ag teacht chun críche anois agus bheinn dóchasach go mbeimis in ann teacht ar réiteach a chinnteoidh go mbeadh líon leordhóthanach de chainteoirí Gaeilge á earcú sa Státchóras. Ní réiteodh sé seo na fadhbanna thar oíche, ach caithfear breathnú air mar chuspóir fadthéarmach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.