Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 4 May 2017
Joint Oireachtas Committee on Housing, Planning, Community and Local Government
Thirty-fifth Amendment of the Constitution (Water in Public Ownership) (No. 2) Bill 2016: Discussion
9:00 am
Fergus O'Dowd (Louth, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá rud amháin eile. Chun dul ar ais ar chuid den chéad ceist faoi Ervia, tá Uisce Éireann ann agus tá sé i gceannas ar an gcóras poiblí, ach tá bord eile agus comhlacht eile ag déanamh reachtaireacht ar Uisce Éireann. Is é mo thuairim féin go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh Uisce Éireann amháin i gceannas ar an gcóras agus gan aon bhaint a bheith ag Ervia ar an cheist ar chor ar bith. Níl aon gá dó bheith ann. Tá cumhacht ag bord Ervia daoine a chur ar bhord Uisce Éireann. Ní dóigh liom gur rud maith é sin, cé go bhfuil na daoine an-mhaith ar fad. Nílim ag cur aon mhilleán orthu. Ó thaobh an chóras poiblí agus an dualgas poiblí de, measaim go mbeadh sé níos fearr nach mbeadh aon bhaint ag Ervia leis.
No comments