Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 4 May 2017
Joint Oireachtas Committee on Housing, Planning, Community and Local Government
Thirty-fifth Amendment of the Constitution (Water in Public Ownership) (No. 2) Bill 2016: Discussion
9:00 am
Mr. Séamas Ó Tuathail:
Bhí ceist eile faoi sin. Mar shampla, má fheictear ar na Stáit Aontaithe, tá 50 stát ann. Tá fíor-cheisteanna faoi uisce in áiteanna ar nós Colorado, California agus áiteanna mar sin. Ní hionann stát amháin agus stát eile sna Stáit Aontaithe. Ní féidir aon teagasc ginearálta a fháil ó na Stáit Aontaithe.
Má fheictear ar an Eoraip, ní bheadh cur amach agamsa ar úinéireacht uisce i gcás na hEorpa mar a bhíonn. Nílim ag iarraidh a bheith ag magadh faoi seo, ach an t-aon rud go bhfuil surplus againn de sa tír seo ná báisteach. Tá neart surpluses ag an Eoraip maidir le trátaí, fíon nó mar sin de. Ní fadhb an bháisteach sa tír seo. Sa chéad áit, baineann an togra seo le cúrsaí na tíre seo. Tá sé bunaithe ar thuiscint mhuintir na hÉireann agus ar riachtanais mhuintir na hÉireann. Níl aon locht ar sin.
No comments