Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 4 May 2017
Joint Oireachtas Committee on Housing, Planning, Community and Local Government
Thirty-fifth Amendment of the Constitution (Water in Public Ownership) (No. 2) Bill 2016: Discussion
9:00 am
Mr. Séamas Ó Tuathail:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le baill den choiste as cuireadh a thabhairt dom bheith i láthair leis an mBille um an gCúigiú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Uisce faoi Úinéireacht Phoiblí) (Uimh. 2) 2016 a phlé mar aon leis an leasú bunreachtúil a mholtar ann. An bunrud atá san éisteacht seo ná ceistiú a dhéanamh maidir le téacs an Bhille a mholann an leasú seo.
Tá sé i gceist go gcuirfí an leasú isteach in Airteagal 28.4 den Bhunreacht. Baineann Airteagal 28 le Rialtas na hÉireann. Is dréacht-leasú é seo. Caithfidh muintir na hÉireann vótáil air. Is togra reifrinn é agus caithfidh muintir na hÉireann glacadh leis nó é a dhiúltú. Má ghlactar leis beidh sé i dtéacs an Bhunreachta amach anseo. Is é an leagan Gaeilge den Bhunreacht an téacs údarásach de agus is téacs tánaisteach an leagan i mBéarla. Tá idirdhealú idir sin, mar shampla, agus reachtaíocht a ritear sa Dáil. De réir Airteagal 25 den Bhunreacht, má ritear reacht i dteanga den dá theanga oifigiúil - Béarla nó Gaeilge - is sa teanga sin ina dtuigtear an tAcht go príomha nuair a chuireann an tUachtarán lámh leis. Sa chás seo táimid ag plé le togra reifrinn maidir le Airteagal 28 den Bhunreacht.
Léifidh mé amach an rud atá i gceist ar mhaithe le soiléireacht. Níl aon rud eile i gceist thar an togra seo. Tuigim go bhfuil mé ag plé le Bille ar an Dara Chéim agus gurb í an chéad Chéim eile ná Céim an Choiste. An obair is mó atá le déanamh agamsa ná é a chur ina luí ar an gcoiste nach bhfuil aon rud cearr, ar chor ar bith, leis an téacs atá molta le cur isteach in Airteagal 28. Deir sé:
Beidh an Rialtas go léir le chéile freagrach as an gcóras uisce poiblí a chosaint, a bhainistí agus a chothabháil. Cuirfidh an Rialtas in áirithe, ar mhaithe le leas an phobail, gur faoi úinéireacht phoiblí agus faoi bhainistí phoiblí a fhanfaidh an acmhainn sin.
Sin uilig atá san rud seo ach tá an-chuid ráite ann mar tugann sé sin cosaint ar leibhéal bunreachtúil amach anseo do chóras poiblí uisce na hÉireann. Abair go nglactar leis an togra seo ag pobal na hÉireann. Is í muintir na hÉireann atá ceannasach de réir an Bhunreachta. Má ghlactar leis, ní féidir le haon Acht de chuid an Rialtais ina dhiadh sin baint den méid atá i gceist sa Bhunreacht. Bheadh sé ann mar Airteagal 28.4.3° den Bhunreacht.
Tá leagan i Sacs-Bhéarla ann freisin:
The Government shall be collectively responsible for the protection, management and maintenance of the public water system. The Government shall ensure in the public interest that this resource remains in public ownership and management.
Abair nach nglactar leis an togra seo ag pobal na hÉireann. Má dhiúltaítear dó, sin deireadh leis agus níl aon cheist eile faoi.
Má ghlactar leis i reifreann, sa gcás go n-éiríonn leis teacht tríd an Dáil agus tríd an Seanad, níl gá do shíniú an Uachtaráin. Is eisceacht é an togra reifrinn mar is iad pobal ceannasach na hÉireann atá i gceannas ar an mBunreacht. Is Bunreacht é do mhuintir na hÉireann agus, mar sin, ní gá síniú an Uachtaráin a bheith leis. Má ritear an Bille, is iad pobal na hÉireann a dhaingníonn an Bille agus ní Uachtarán na hÉireann. Nuair a ritheann an Dáil Bille, is é Uachtarán na hÉireann a dhaingníonn é agus síniú á chur leis. Níl Bille ar bith a ritheann an Dáil agus an Seanad ina dlí sa tír seo mura síníonn an tUachtarán é. Déarfainn go dtuigeann na daoine anseo é sin. Mar an gcéanna, ní ghlactar le togra reifrinn ar bith go dtí go vótálann muintir na hÉireann le móramh simplí ina leith. Sin an rud atá i gceist anseo.
Tá na téarmaí an-soiléir. Tá dhá abairt ann agus tá sé fíorshoiléir cad atá i gceist. Dá nglactar leis, beidh deis ag an Oireachtas ina dhiaidh sin reachtaíocht a chur tríd an Dáil agus tríd an Seanad chun é a bheith sínithe ag an Uachtarán le haon socrú eile is gá a dhéanamh i leith an airteagal sin den Bhunreacht. Tá cur síos déanta agam ar chuid de na ceisteanna a d'éireodh faoin rud seo. Mar shampla, an gcuireann sé seo isteach ar aon úinéireacht phríobháideach ar uisce nó na group water schemes mar a thugtar orthu i mBéarla? Ar ndóigh, ní chuireann. Sa mhéad is go bhfuil aon cheist ann amach anseo maidir leis an alt sin sa Bhunreacht, má ghlactar leis, is ag an gCúirt Uachtarach faoi Airteagal 34 den Bhunreacht a réiteofar an cheist. Níl mé ag iarraidh ar an gcoiste seo glacadh leis seo go ró-éasca ach feictear domsa go bhfuil na téarmaí seo fíorshoiléir agus gur ar an Rialtas atá an fhreagracht- comhfhreagracht an Rialtais - cúrsaí uisce poiblí agus dáileadh an uisce sin a chosaint agus a chur chun tosaigh, is cuma cé na hathruithe a tharlóidh amach anseo.
De réir mar a fheictear domsa é, beidh gá i gcónaí le dáileadh uisce poiblí sna catharacha, sna bailte agus faoin tuath. Tá an chuid is mó de ghrúpscéimeanna uisce príobháideach. Sa mhéad is go bhfuil siad ag tarraingt ar uisce a d'fhéadfaí a rá a bheadh poiblí faoin alt seo, tá idirdheighilt ann. Tá córas ann go mbeidh lámh príobháideach agus lámh poiblí leis. Tá seantaithí ag na cúirteanna ar an idirdhealú sin a dhéanamh. Ní fheicim go bhfuil máchail nó locht ar bith le sonrú ar an rud seo.
Tréaslaím an Teachta Collins agus Treasa Brannick O'Cillín, a bhí ag obair ar an alt seo freisin, as alt chomh soiléir leis a mholadh don Oireachtas. Ní dóigh liom gur féidir liom an scéal a chur níos faide ná sin. Má tá ceist ar bith ag ball ar bith den choiste, beidh mé lánsásta tabhairt faoi. Tá mé buíoch den Chathaoirleach agus na baill eile as éisteacht liom an fhad sin.
No comments