Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 4 May 2017

Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement

Acht na Gaeilge: Engagement with Conradh na Gaeilge

2:10 pm

Mr. Ciarán Mac Giolla Bhéin:

Ag tagairt do chúrsaí craoltóireachta, go minic nuair a bhí muidne ag tógáil ceist maidir le rudaí atá ar fáil sa Bhreatain Bheag agus cén fáth nach bhfuil siad ar fáil anseo, nó rudaí atá á ndéanamh ag an Rialtas in Albain agus cén fáth nach bhfuil ár Rialtas ag déanamh a leithéid, fuaireamar an freagra i gcónaí go bhfuil Acht na Breatnaise agus Acht Ghaeilge na hAlban ann ach níl Acht Gaeilge ann. De réir sin níl an ceart sin ann. I dtaca le cúrsa craoltóireachta, tá sé sin iomlán éagsúil mar is rud é nach bhfuil scartha. Is rud atá go fóill faoi chúram Westminster. Tá sé go fóill faoi chúram an Roinn Cultúir, na Meáin agus Spórt i Londain. Is leatrom soiléir é, dar linn. Tá cur chuige iomlán éagsúil ag Rialtas na Breataine leis an Bhreatain Bheag agus le hAlbain ná mar atá aige leis an Ghaeilge ó Thuaidh.

Tá sé tábhachtach chomh maith go ndearna muidne an-obair agus stocaireacht maidir leis an chairt atá ag an BBC. Déantar athbhreithniú ar an chairt sin gach deich mbliana. Tá forálacha nó tagairtí suntasacha ann do Ghaeilge na hAlban agus don Bhreatnais. Níl aon tagairt don Ghaeilge sa chairt sin. Chuireamar brú go n-athrófaí sin. De réir cosúlachta, níor athraíodh í. Táimid anois ag plé leis an chomhairliúchán atá ar bun ag Ofcom maidir leis an chomairliúchán a rinne an BBC. Tá sé tábhachtach go mbímid gníomach ar an cheist seo go leanúnach. Tá deacrachtaí go fóill agus bíonn daoine i dteagmháil linne go rialta faoi seo.

Tá go fóill deacrachtaí ag pobal na Gaeilge teacht ar roinnt seirbhísí de chuid TG4 ó Thuaidh. Cuirim i gcás an chartlann atá ag TG4 agus an stuif ar líne. Ní thig leo é a fháil mar gheall go bhfuil an seoladh IP acu ó Thuaidh agus ní ligean an chóras dóibh teacht ar na seirbhísí. In ainneoin an 20 bliain a bhí ann tar éis sin, táimid go fóill ag fanacht. Má táimse i mo shuí i mBéal Féirste maidin Domhnaigh, ní thig liom amharc ar chuid de na cláir ar an ríomhaire agus a bheadh duine trasna an Teorainn in ann amharc orthu. Tá sin ina srian dúinn agus níor chóir go raibh sé ann.

Cuirim buíochas roimh an Sheanadóir as an mórshiúil a chur i gcuimhne dom. Is rud é atáimid ag iarraidh déanamh le seo uilig a tharraingt le chéile agus chun deis a thapú le taispeánt don phobal i gcoitinne gur pobal dearfach, éagsúil, ollscoilte í pobal na Gaeilge. Táimid uilig ag teacht le chéile ar an 20 Bealtaine. Táimid ag déanamh mórshiúil ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, ceannceathrú spioradáilte na Gaeilge ó Thuaidh, go Halla na Cathrach i mBeál Féirste ar an 20 Bealtaine. Beadh sí an-mhaith, an láidir agus cumhachtach agus ina tacaíocht ollmhór dúinn dá mbeadh baill den choiste féin i láthair linn ar an lá. Tá fearadh mór na fáilte rompu. Is léiriú agus is taispeántas dearfach a bheas ann. Chomh maith le sin, tá éileamh soiléir taobh thiar den rud ar fad, is é sin gur mhaith linn go mbeadh meas ag an Stát orainn agus go mbeadh an meas seo léirithe trí reachtaíocht ceart-bhunaithe a chur ar fáil den phobal ó Thuaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.