Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 4 May 2017

Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement

Acht na Gaeilge: Engagement with Conradh na Gaeilge

2:10 pm

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le na finnéithe as a bheith linn agus don chur i láthair thar a bheith cuimsitheach. Sílim go bhfuil sé tábhachtach cur leis an méid atá ráite ag an Teachta Breathnach cheana féin ó thaobh obair Chonradh na Gaeilge, atá sáite i bpobal bríomhar agus fuinneamhach atá ag fás an t-am ar fad, ní hamháin ó Thuaidh ach ar fud na tíre ina iomlán. Dar ndóigh tá feachtasaíocht ag dul ar aghaidh ó Thuaidh ó thaobh Acht cuimsitheach atá de dhíth in Acht na Gaeilge agus i gcearta na nGaeilgeoirí ó Thuaidh. Tá sár-obair déanta ag an gConradh ó thaobh an fheachtais sin, fiú go dtí ar na mallaibh agus an Conradh ag déanamh idirghníomh nach samhlódh muid tamaillín ó shin le páirtithe agus grúpaí eile. Tá a fhios agam go bhfuil a lán oibre déanta ag an gConradh go ciúin sa chúlra le grúpaí agus pobail ar leith nach mbeadh an seal acu an idirghníomh sin a dhéanamh leis an nGaeilge go minic.

Ba mhaith liom féin tacú leis an méid atá ráite ag Teachtaí O'Sullivan agus Breathnach cheana maidir leis an bplé-cháipéis agus na moltaí atá ann. Sílim gur cheart don choiste seo glór s'againne a ardú agus a bheith páirteach sa bhfeachtas sin atá ag dul ar aghaidh taobh amuigh. Má tá an tAire, Teachta Charlie Flanagan, ábalta teacht isteach os comhair an tSeanaid agus os comhair na Dála le rá go dtacaíonn sé le cur i bhfeidhm Acht na Gaeilge, ba cheart go mbeadh struchtúir agus baill na Tithe seo á rá sin chomh maith. Is é sin an méid a bhí mé ag iarraidh a rá.

Ó thaobh ceisteanna de, maidir leis an méid a dúirt mé ní ba luaithe faoin gcinéal freasaitheacht atá amuigh ansin in éadan chur i bhfeidhm Acht na Gaeilge, deirtear agus deireann daoine go bhféadfadh an Acht a bheith ina rud scoilteach. Tá a lán ráite ag na finnéithe agus sa doiciméid a léiríonn costais agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Maidir leis an taithí atá ag Mr. Ciarán Mac Giolla Bhéin, an dtiocfadh leis labhairt faoi cén fáth nach mbeadh an Acht ag dul i bhfeidhm go dearfach ar dhuine ar bith nó faoi conas nach gcuireann sé isteach ar dhuine ar bith? Nach é sin cuspóir an Achta do phobal na Gaeilge fosta?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.