Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 2 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga: An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

I dtús báire ba maith liom mo mhíshástacht iomlán a léiriú maidir leis an gcruinniú seo agus leis an laghad ama atá againne leis an gceist a phlé. Tuigim go mbeidh an tAire Stáit ag teacht ar ais ach táimid ag caint ar choicís eile. Ní thuigim cén chaoi ar oibrigh sé amach, ach tá an bealach ina gcaitheann daoine éagsúla ar tugadh cuireadh dóibh leis an gcomhchoiste seo scannalach.

Tosóidh mé ar an abairt dheireanach a bhí ag an Aire Stáit, go bhfuil éacht déanta ag na heagraíochtaí leis an méid den straitéis 20 bliain atá bainte amach acu sa chéad sé bliana dá saolré. Ní dóigh liom go n-aontódh aon duine i saol na Gaeilge ná na Gaeltachta leis an abairt sin leis an fhírinne a rá. Ba mhaith liom ceist a chur ó thaobh na straitéise 20 bliain. An bhfuil cuspóirí ag gach ceann de na gníomhaíochtaí a bhí luaite ansin? Cé mhéad acu atá bainte amach agus cé mhéad nach bhfuil? Cén uair a bhainfear amach an méid atá le déanamh?

Tá go leor déjà vuag baint leis an chur i láthair inniu. Táimid ag éisteacht leis an chinéal seo cainte maidir le scéimeanna teanga agus mar sin de le sé nó seacht mbliain anuas, ó d'éirigh Seán Ó Cuirreáin as oifig. Bhí sé thar a bheith soiléir ag an am sin nach raibh an córas sin ag feidhmiú agus nach raibh tacaíocht na Ranna Stáit nó na gcomhlachtaí poiblí á fáil ag an gCoimisinéir Teanga. Is beag atá athraithe ó shin. Ba mhaith liom ceist dhíreach a chur ar an Aire Stáit. Cé atá ag cur cos i dtaca sa Rialtas maidir le Acht na dTeangacha? An bhfuil fadhb leis an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe ó thaobh an Acht nua a thabhairt chun cinn agus deireadh a chur leis na scéimeanna go luath seachas níos deireanaí? Teastaíonn sé sin a dhéanamh mar bhunriachtanas.

Ó thaobh chúrsaí airgeadais de, bhí €18 milliúin á lorg ag na 80 eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. De réir figiúirí atá curtha ar fáil dúinne acu, chuardaigh siad €5 milliúin breise i 2017 ach ní bhfuair siad ach €759,000 breise i mbliana. Tá siad a rá gur ionann sin agus 15% den mhéid a bhí siad á chuardach i mbliana agus nach ionann é ach 4% den mhéid a bhí siad á lorg ina iomlán. Is léir go bhfuil míshástacht iomlán ansin agus nach leor na h-acmhainní breise atá á gcur ar fáil do na heagraíochtaí leis na stratéisí agus na rudaí eile atá leagtha ar a bpláta a chur i gcrích. Níl sé sin sásúil. Céard atá an Aire Stáit dul a dhéanamh faoi?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.