Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 2 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga: An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as ucht an chuireadh teacht isteach. Mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as gnóthaí Gaeltachta, fáiltím roimh an deis seo labhairt leis an gcomhchoiste inniu. Tuigim ón gcuireadh go bhfuil dhá ábhar sonrach gur mhaith leis an gcoiste a phlé: plean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhí aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, agus an tráchtaireacht ar chóras na scéimeanna teanga agus tuairisc an Choimisinéara Teanga faoi alt 29 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Ar dtus báire, ba mhaith liom tagairt den tráchtaireacht ar chóras na scéimeanna teanga a d’fhoilsigh an Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ag tús na míosa seo caite. D’fháiltigh mé féin roimh an tuarascáil nuair a foilsíodh é, mar gur thuig me go mbeadh an taighde seo ina chuidiú dom féin agus do mo chuid oifigigh agus muid ag tabhairt aghaidh ar chuid de na dúshláin a aithnítear sa gcáipéis. Dúirt mé ag an am go raibh na spriocanna céanna agam féin agus ag an gCoimisinéir, sé sin feabhas a chur ar sheirbhísí do phobal na Gaeilge. Is ar mhaithe le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a bheadh á gcur ar fáil ag na comhlachtaí phoiblí don phobal a cuireadh córas na scéimeanna teanga ar bun an cheád lá riamh. Creidim go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh seirbhísí de ó cuireadh na scéimeanna ar bun agus tá obair leanúnach á dhéanamh ag mo chuid oifigigh chun cur leo, mar shampla, tá 17 céadscéim aontaithe le 16 mí anuas.

Is é sin 17 gcomhlacht nach raibh aon scéim acu riamh cheana agus atá anois ceangailte le réimse leathan de ghealltanais ó thaobh na Gaeilge de.

Agus an méid sin ráite, aontaím go bhfuil fadhbanna leis an gcórás mar atá sé faoi láthair. I mí an Mhárta, chas mé le Alun Davies, Aire i Rialtas na Breataine Bige a bhfuil cúrsaí teanga faoina chúram, agus phléigh muid cúrsaí teanga sa dá dhlínse. Mar thoradh air seo, chas mo chuid oifigeach le hoifigigh na Breataine Bige an mhí seo caite chun ceist na scéimeanna, na gcaighdeán agus na rialachán a phlé ar mhaithe le córas níos éifeachtaí a chur ar bun anseo in Éirinn. Tar éis an phlé seo, agus i gcomhthéacs an t-athbhreithniú ata déanta againn ar an mBillle teanga, tá mionscrúdú á dhéanamh agam maidir le córás na gcaighdeáin a thabhairt isteach anseo in Éirinn. Tuigim ón méid atá raite ag an gCoimisinéir Teanga go bhfeiceann sé féin na buntáistí a bhainfeadh lena leithéid de chóras a chur i bhfeidhm. Faoin gcóras seo, bheadh rangú le déanamh ar chomhlachtaí poiblí, ag baint úsáide as rialacháin chun caighdeáin a leagan síos do na comhlachtaí sin. Ar an mbealach seo, d’fhéadfaí a chinntiú go mbeadh na caighdeáin is airde ó thaobh úsáid na Gaeilge de bainteach leis na heagraíochtaí a mbíonn ag soláthar seirbhísí don phobal, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh. Ní hamháin go mbeadh an córas seo níos éifeachtaí ó thaobh cearta an tsaoránaigh a chosaint, ach laghdódh sé an t-ualach riaracháin a bhaineann le haontu scéimeanna teanga faoi láthair.

Ar ndóigh, má tá rath le bheith ar a leithéid de chóras, caithfear dul i ngleic le fadhb na hearcaíochta. Tá sé soiléir go bhfuil fadhbanna ann faoi láthair agus creidim go láidir go gcaithfear méadú a chur ar líon na bhfostaithe Stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta. Ar iarratas uaimse, tá plé ar bun le tamall anuas ag m’oifigigh lena gcomhghleacaithe i Ranna eile agus sna príomhfhorais phoiblí le scrúdú a dhéanamh ar a gcuid riachtanas i dtaca le daoine atá feidhmiúil go dátheangach. Tá an próiseas seo ag teacht chun críche anois, agus tá sé beartaithe ag mo chuid oifigigh an cás a phlé arís leis an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchórithe agus leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Bheinn dóchasach go mbeimis in ann teacht ar réiteach a chinnteodh go mbeadh líon leordhóthanach de chainteoirí Gaeilge á earcú sa Státchóras. Ní réiteodh sé seo na fadhbanna thar oíche, ach caithfear breathnú air mar chuspóir fadthéarmach.

Ó thaobh phlean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta, tá réimse leathan ábhar agus gníomhaíochtaí ar leith clúdaithe sa phlean infheistíochta. Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh in an-chuid de na ghníomhaíochta seo cheana féin. Cé go bhfuil neart le déanamh fós, is léiriú é seo ar an dul chun cinn atá á dhéanamh faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá sé tábhachtach, dar liom, go n-aithneofaí na cúinsí deacra ina raibh gníomhaireachtaí na Gaeilge, idir mo Roinn féin, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí éagsúla atá á maoiniú acu, ag feidhmiú le blianta beaga anuas. Tá éacht déanta acu leis an méid den straitéis 20 bliain atá bainte amach acu sa chéad sé bliana dá saolré.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.