Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 April 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Sustaining Viable Rural Communities: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Ms Máire Denvir:

Ar ais ar cheist na Gaeilge arís. Bhí muid ar fad ag ceapadh go dtiocfadh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar aghaidh i bhfad níos sciobtha, níos dearfaí agus níos cinnte ná mar a chuaigh. Maidir leis an gceist go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge, tá laghdú tagtha ar líon an phobail i go leor de na ceantair Ghaeltachta freisin. Tá fadhb mhór sa gceantar ina gcónaíonn mé féin agus sin fadhb pleanála. Tá muid ag caint ar cheantar Thearmann Éanna agus tá muid ag dul ó na Forbarcha siar an chósta chomh fada le Leitir Mealláin, Carna, Ros Muc agus mar sin de. Má thógann muid an ceantar áirithe sin, abair, idir na Forbacha agus Ros an Mhíl nó siar an bhóthar ansin, tá sé beagnach do-dhéanta ag fear óg ar bith nó ag bean óg ar bith cur isteach ar theach a thógáil sa gceantar mar gheall ar go bhfuil seacht nó ocht de bhóithrín - níl a fhios agam cé mhéad línte atá ar mhapaí agus iadsan línte in intinn duine éigin istigh in oifig éigin - atá ann le blianta agus is cosúil go bhfuil siad ag dul ar aghaidh is ar aghaidh agus níl ann ach caint. Tá eolas agam ar leads óga a tháinig ar ais go dtí an Ghaeltacht agus atá ag obair sa Ghaeltacht ach atá ag cónaí i gCnoc na Cathrach nó i gcathair na Gaillimhe. Tá eolas agam ar fir óga agus mná óga a chur isteach ar cead planála ach diúltaíodh iad arís agus arís eile. Ag an bpointe sin, cheannaigh siad teach i gcathair na Gaillimhe.

Déanadh go leor plé ar na meáin ar an scéal seo i gcaitheamh na seachtaine. Domsa, atá ag cónaí san áit, ceapaim gurb é ceann de na géarchéimeanna móra atá ann ná easpa bóithre cearta chomh maith leis an easpa cead pleanála de bharr nach bhfuil an bóthar á thógáil ach go bhfuil an bóthar ag dul á thógáil. An dtógfar é? Sin ceist eile. Tá sé thar am réiteach a fháil ar an bhfadhb sin agus tá sé thar am réiteach a fháil go bhfaighidh daoine cead planála níos éasca. Mar atá a fhios ag an gcoiste, de réir cosúlachta tá an Stát, an Eoraip agus an córas in aghaidh tithe aonair a thógáil. Sin an áit a bhfuil an fhadhb.

Tá píosa talún ag muintir na ndaoine seo agus sin iad pobal na Gaeltachta. Is féidir linn an méid agus is féidir linn de pleanáil teanga a dhéanamh. Bhí mé féin ar choiste pleanáil teanga i gCois Fharraige. Chuir muid plean isteach san údarás. Ag deireadh an lae, nuair atá sé sin ar fad ráite, mura bhfuil muid in ann an fear óg agus an mbean óg a chur ag cónaí san áit le clann a bheith acu agus iad a chur ar an scoil agus a thógáil trí Gaeilge, ní bheidh forbairt ar an nGaeltacht. An príomhrud ná an pobal a choinneáil. Caithfear tithe a thógáil agus caithfidh muid na daoine óga seo, mar a dúirt mé, a chur ag cónaí ann. Tá an-chuid acu imithe as an gceantar dá bharr seo. Tá an-chuid daoine atá ag dul amach in aois sa gceantar ina bhfuil muide agus tá an-chuid de na daoine fiú atá ag obair sa gceantar anois i gcathair na Gaillimhe.

Cé nár thit sé, le bheith fírinneach, an oiread sin sa gceantar ina bhfuil muid ann, b'fhéidir gur miniú áirid é sin ar cén fáth ar thit sé. Níl an oiread sin eolais agam faoi láthair ar cheantar Dhún na nGall agus ar cheantar Chiarraí. Caithfidh siad sin a labhart dóibh féin. Domsa, go pearsanta, i gConamara, caithfear athrú a dhéanamh ar na rialacha pleanála, bóithre a thógáil agus córas ceart Idirlíne a chur isteach san áit. Má théann duine amach go Dúiche Sheoigheach, ní bheadh sé nó sí in ann glaoch gutháin a fháil. Chaithfeadh sé nó sí dul amach go Maigh Cuillinn nó i dtreo na Gaillimhe le gur féidir glaoch gutháin a fháil.

Ní féidir fiú gloach gutháin a fháil. Níl mobile ann agus níl Wi-Fi ann. Níl na rudaí sin ar fad ann. Tá sé ag teacht go pointe áirithe agus go ceantair áirithe, ach ba mhaith linn go bhfaighimid an ceangal sin ar fud na Gaeltachta ar fad. Is í aois na teicneolaíochta. Ní féidir dul i bhfolach ar an teicneolaíocht. We all have to accept that this is a technological age. We must go forward. When we get broadband and all that is ag teastáil in éineacht leis, ní bheidh an pobal Gaeltachta ag titim.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.