Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 April 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
5:00 pm
Dr. James Browne:
Bhí ceist ag an Teachta faoin éagsúlacht san ollscoil. Caithfimid a rá nach ollscoil réigiúnda í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Caithfimid dul in iomaíocht go domhanda. Caithfimid mic léinn agus foireann a mhealladh ó thíortha éagsúla. Tá sé sin fíor-thábhachtach dúinn agus tá sé fíor-thábhachtach freisin do Ghaillimh agus do iarthar na hÉireann go mbeadh muid in ann é sin a dhéanamh. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag cur béim air sin. Caithfimid an rud céanna a dhéanamh leis an uachtaránacht. Caithfimid a bheith cinnte go bhfuilimid in ann an duine is fearr a fháil. Ag an am céanna, caithfimid a bheith cinnte go mbeidh dualgais ar an duine sin agus go mbeidh tacaíocht á thabhairt aige nó aici do na dualgais mar aon leis an nGaeilge a chur chun cinn.
Tá an ceart ag an Teachta. Tá USP againn ó thaobh na Gaeilge de agus tuigimid é sin. Bhí mise ag freastal ar an gcomhairle acadúil nuair a bhí an díospóireacht ann faoin reacht seo. Bhí mise i mo chathaoirleach air. Mar a dúirt mé cheana, ní raibh éinne sa gcomhairle acadúil nach raibh báúil don Ghaeilge. Ní raibh éinne sa chomhairle acadúil nár thuig cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge don ollscoil agus nach raibh sásta tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Táim fíor-chinnte faoi sin. Is é sin an rud is tábhachtaí domsa: go bhfuil foireann uilig na hollscoile aontaithe faoi seo. Bhí beagnach 50 duine ag freastal ar an gcomhairle acadúil. Ní raibh ach duine amháin a bhí sásta a lámh a chur suas le rá nach raibh sé sásta leis an gcóras nua atá ag teacht isteach leis an reacht seo. Bhí daoine eile agus b'fhéidir go raibh deacrachtaí acu leis na sonraí, ach maidir leis an bprionsabal, ní raibh ach duine amháin ag an gcruinniú sin a bhí sásta a rá go raibh sé go hiomlán i gcoinne an chórais nua. Ceapaim féin go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go dtuigeann foireann na hollscoile, an chuid is mó acu nach bhfuil Gaeilge acu, an tábhacht atá ag baint leis an nGaeilge agus go bhfuil siad sásta a rá go poiblí go bhfuil siad sásta tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge.
Beidh an advert sna páipéir i gceann cúpla mí nó mar sin. Níl a fhios agam cén am. Beidh an tús áite atá ag an nGaeilge san ollscoil agus an tábhacht atá ag baint leis soiléir do gach iarrthóir don phost. Tá an tábhacht atá ag baint leis an nGaeilge soiléir ón reacht. Cé nach bhfuil aon sórt róil agam ó thaobh an phoist seo de, tá mé go pearsanta sásta go bhfuil stádas maith ag an nGaeilge san ollscoil agus go mbeidh sa todhchaí.
No comments