Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 April 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
5:00 pm
Mr. Gearóid Ó Conluain:
Déanfaidh mise an chuid sin den cheist a mhíniú. Ar ndóigh, ní raibh an t-uachtarán ann mar ní thiocfadh leis a bheith i láthair. Bheadh coimhlint aige, is dócha. Thig liom a rá gur thosaigh an próiseas i mí na Samhna. Níor deimhníodh nó cláraíodh an reacht go dtí mí Feabhra. Bhí an díospóireacht agus an plé ar siúl thar thréimhse cheithre mhí agus thar cheithre chruinniú de chuid an údaráis san iomlán. Chuir an Teachta ceist faoi conas mar a oibríonn sé. Tabharfaidh mé achoimre beag dó. Achan am a mbíonn folúntas na huachtaránachta le líonadh, déantar athbhreithniú ar an gcomórtas a ritheadh an uair dheireanach. Go minic, bíonn go leor anailíse ar chomhad leis an díospóireacht sin a thacú. B'shin an áit a thosaigh an t-údarás. Mar eolas don choiste agus ar eagla nach dtuigtear seo, chuala an coiste go bhfuil 40 duine ar údarás na hollscoile. Ina measc, tá seachtar polaiteoir logánta nó réigiúnta nó comhairleoirí contae, ionadaithe an Aire Oideachais agus Scileanna féin, lucht acadúil agus riaracháin na hollscoile, céimithe nó iarchéimithe ollscoile, mic léinn agus ionadaithe ó eagraíochtaí seachtracha difriúla. Mar shampla, mar a luaigh mé cheana, tá duine amháin ó Údarás na Gaeltachta ar an údarás. Chomh maith leis sin, tá ionadaithe ó earnáil nó ó dhomhan na n-ealaíon. Tá iliomad grúpaí agus daoine a bhfuil spéiseanna difriúla acu ar an údarás.
No comments