Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 April 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
5:00 pm
Mr. Gearóid Ó Conluain:
Chuir an Seanadóir ceist maidir leis an gcóras ceapacháin. Ní fios agam cé mhéad eolais atá de dhíth, ach déanfaidh mé mo dhícheall a bheith sciobtha faoi seo. Ceaptar uachtarán san ollscoil, agus in ollscoileanna na tíre, achan deich mbliana. Maireann an post ar feadh deich mbliana. Leagtar an dualgas sin ar an ollscoil i reachtaíocht na Dála. Tá mé ag caint ar Acht na nOllscoileanna. Tá míreanna ansin a chuireann iachall ar an ollscoil an córas sin a rith. Glacann sé thart faoi bhliain iomlán an comórtas sin a eagrú agus a chur ar siúl.
Is próiseas an-daonlathach atá ann mar tá trí choiste a bhfuil baint acu leis an gceapachán. Tá coiste cuardaigh ann. Ar ndóigh is é an fhreagracht atá air iarrthóirí a chur chun chinn ón réigiúin, ón náisiúin agus go hidirnáisiúnta chomh maith. Ansin tá an coiste ceapacháin ann. Is é sin an choiste is tábhachtaí agus is bunúsaí. Tá daoine seachtracha ar an gcoiste sin, cuid acu ó thíortha eile. Ansin tá an mheitheal uachtaránachta, mar a thugtar air. Déanann an coiste sin imlíne an chomórtais a bhreacadh athuair achan am a mbíonn comórtas ann. Tá sórt model ansin a chuireadh i bhfheidhm i 1999, arís i 2007 agus anois i 2018. Ó théarma uachtaránachta go téarma eile, déantar léirmheas ar an model sin agus cuirtear athruithe i bhfeidhm. Sin mar a n-oibríonn sé. Is córas an-daonlathach é. Bíonn páirt lárnach ag gach roinn den údarás féin sa phróiseas. Bíonn siadsan ar na coistí difriúla.
Maidir leis an reacht, an t-uachtarán agus an cineál tionchair a bheadh ag duine mar sin ar chur chun cinn na Gaeilge ar fud na hollscoile, rinne mé iarracht a bheith soiléir faoi seo i mo chuid cainte féin ar ball. Roimhe seo bhí an bhéim ar cumas cainte agus cumas scríofa an duine féin mar uachtarán. Tuigim dearcadh an tSeanadóra faoi seo. Nílim ag iarraidh caitheamh anuas air. Tuigim go bhfuil malairt tuairime faoin gceist seo. Ach, ó thaobh an údaráis féin, agus ag caint ar son an údaráis, is éard a theastaíonn uaidh a chinntiú ná go neartófar ceannaireacht an duine seo i gcomparáid leis an reacht a chuaigh roimhe agus go mbeadh riachtanais cheannasaíochta leagtha go neamhbhalbh ar an duine nua a cheapfar amach anseo. Ní haon dochar cuid de seo a lua, "Ceannasaíocht láidir a léiriú maidir le gealltanas na hOllscoile i leith chur chun cinn na Gaeilge". Is gealltanas é seo a thagann anuas ón reachtaíocht. "Tacú go gníomhach le comhghleacaithe Ollscoile a bhfuil ról ar leith acu maidir le cur chun cinn na Gaeilge". Nílim ag caint ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge amháin. Tá mé ag caint ar roinn na nua-Gaeilge, ar Irish Studies, agus ar go leor aonaid agus oifigí mórthimpeall campas na hollscoile.
No comments