Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 April 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
5:00 pm
Dr. James Browne:
Ní dóigh liom go bhfuil sé sin fíor. Ceapaim féin gur cheart go mbeadh rogha againn. Bhí rogha againn do chomórtas an mheabhránaithe agus fuaireamar duine a bhfuil Gaeilge líofa aige. Níl aon dabht ach go bhfuil fáilte roimh aon duine a bhfuil Gaeilge aige nó aici sa chomórtas seo. Ach caithfimid a bheith cinnte go bhfuil rogha againn. Táimid ag dul i gcomórtas le hollscoileanna eile. Tá an rogha sin acu. Tá uaillmhian againn. Caithfimid a bheith cinnte go bhfuil seans againn an duine is fearr a fháil.
Agus má tá Gaeilge ag an bhfear sin nó ag an mbean sin, sin go han-mhaith ar fad. Cibé rud a tharlaíonn, beidh ar an duine sin ceannasaíocht agus ceannaireacht a chur ar fáil don Ghaeilge san ollscoil.
No comments