Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 April 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
5:00 pm
Dr. James Browne:
Tá níos mó ná 100. Tá 120 duine nó mar sin. B'fhéidir go bhfuil deich nó dosaen le Gaeilge. Bímis cinnte faoi rud amháin. Tá a lán daoine anois san ollscoil nach as an tír seo iad. Tá a lán daoine san ollscoil nach as Gaillimh nó áiteanna eile iad le Gaeilge líofa iontu. Bímis cinnte go bhfuil an chuid is mó de fhoireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an-sásta tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Is é sin an rud is tábhachtaí. Bhí mise i mo chathaoirleach ar an gcomhairle acadúil nuair a rinneadh an cinneadh tacaíocht a thabhairt don reachtaíocht nua seo. Bhí gach éinne ag an gcruinniú ag rá go raibh sé nó sí báúil don Ghaeilge, go raibh sé nó sí toilteanach tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus gur thuig sé nó sí cé chomh tábhachtach is atá Gaeilge san ollscoil. Cé nach bhfuil ach mionlach beag a bhfuil Gaeilge líofa acu, tá mé cinnte go bhfuil tromlach an-mhór ar fad i bhfábhar na Gaeilge. B'fhéidir go bhfuil barúil ag Dónall Ó Braonáin faoin méid duine san ollscoil nó sa chomhairle acadúil a bhfuil Gaeilge acu.
No comments