Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 April 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
5:00 pm
Mr. Gearóid Ó Conluain:
Tá 40 ar an údarás, mar is eol don choiste. Ní gá do dhuine ar bith a cheaptar mar bhall den údarás cruthúnas a thabhairt go bhfuil Gaeilge líofa acu. Ní dhéantar sin a mheas. Ón liosta atá agam anseo, tá ar a laghad seachtar nó ochtar a bhfuil smior na Gaeilge acu. Ina measc siúd, tá duine amháin atá mar ionadaí de chuid Údarás na Gaeltachta féin. Mar sin, tá go leor dóibh atá báúil don Ghaeilge. Déarfainn go bhfuil go leor dóibh a bhfuil Gaeilge mhaith acu. San iomlán, ní dóigh liom go mbeadh sé fíor a rá go bhfuil go leor acu nach bhfuil nó nach raibh báúil don Ghaeilge. Tá siad ann.
Maidir leis an gcóras ceapacháin-----
No comments