Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá céad fáilte roimh na finnéithe ag an gcomhchoiste. Gabh mo leithscéal má bhíonn orm imeacht. Tá cruinniú eile ar siúl agam féin ar ball beag. Mar dhuine a d'fhreastal ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, bhain mé an-sásamh as an am a chaith mé ann. Bhíomar an-bhródúil as cúrsaí Gaeilge san ollscoil. Chuir an cinneadh a ghlac údarás na hollscoile an-díoma orm. Cuireann sé díomá ar chuid mhaith dream eile a d'fhreastal ar an ollscoil. Tá a fhios agam go raibh agóidí ag na mic léinn agus mar sin de agus go bhfuil cuid mhaith den lucht acadúil san ollscoil an-mhí-shásta leis an socrú áirithe atá déanta.

Is é údarás na hollscoile a chum agus a cheap an leagan amach nua seo. As an 40 duine atá ar údarás na hollscoile, cé mhéad duine acu sin atá inniúil sa Ghaeilge? An bhfuil mórán acu le Gaeilge líofa? An úsáidtear an Ghaeilge mar theanga oibre údarás na hollscoile? Bheinn den tuairim muna bhfuil an teanga láidir go leor ag an leibhéal sin nach mór an ómós a bheidh ag an teanga de réir mar a théann muid síos tríd an eagraíocht.

Cén fáth ar thosaigh an plé ar an gcealú seo a dhéanamh ar an riachtanas Gaeilge don uachtaránacht? Tá na finnéithe tar éis cur inár láthair go bhfuil an ollscoil ag dul ó neart go neart faoin uachtarán reatha agus an t-uachtarán a chuaigh roimhe. Tá sé méadaithe go mór ón am a bhí mise ann. Tá curtha leis na cúrsaí. Ba léir go raibh daoine oilte le Gaeilge a bhí in ann an jab a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. An é go raibh lagmhisneach ar údarás na hollscoile go mbeadh duine eile cumasach le teacht i gcomharbacht ar an Uasal Browne anseo a mbeadh ag déanamh an jab amach anseo? Más ea, sílim gur droch-dhearcadh é sin ar ár gcumas mar phobal Gaeilge agus Gaelach rudaí a chur chun cinn.

Feicim sa mhéad atá curtha i láthair ag na finnéithe go bhfuil a leithéid de rud ann agus coiste seasta na Gaeilge. Cén seasamh atá aige sin? Cé hiad? Cé atá ar an gcoiste sin? Céard a dhéanann siad? An bhfuil údarás acu? Cé na cumhachtaí atá acu ó thaobh na Gaeilge de san ollscoil agus mar sin de?

Luadh an comhairle acadúil chomh maith. Ghlac an comhairle an cinneadh agus d'aontaigh na baill leis an gcinneadh a ghlacadh. Cé mhéad duine le Gaeilge atá ar an gcomhairle acadúil a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu? An ndéantar gnó an chomhairle acadúla trí mheán na Gaeilge nó trí mheán an Bhéarla? Ní fhéadfainn an ócáid a scaoileadh tharam gan an mana atá sa Ghaeilge a úsáid: "Ná habair é, déan é". Níl aon ollamh le Gaeilge ceaptha ag an ollscoil le trí bliana anuas ó d'imigh Gearóid Denver as an bpost sin. Chuir sé sin lagmhisneach ar go leor daoine ó thaobh na Gaeilge de mar go bhfuil an duine sin thar a bheith tábhachtach i gcúrsaí Gaeilge san ollscoil a bhrú agus a thiomáint chun cinn. Muna bhfuil bainisteoir ar fhoireann, tá sé deacair an treoir a bhrú chun cinn. Cén fáth a bhfuil sé sin tarlaithe? Má tá an t-údarás chomh tiomsaithe sin ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge sna dualgasaí, sa reachtaíocht agus sna polasaithe atá leagtha amach acu, cén fáth ar fágadh folúntas chomh lárnach sin i saol na Gaeilge san ollscoil ar lár le trí bliana anuas?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.