Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 April 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Tráchtaireacht agus Tuarascálacha: An Coimisinéir Teanga
5:00 pm
Mr. Colm Ó Coisdealbha:
Déarfainn an méid seo. Nuair atá na rialacháin ann, agus má tá siad scríofa amach go sonrach nó ar bhealach atá sórt leathan, is féidir na dualgais a bheith in oiriúint do pé aicme comhlachtaí poiblí atá i gceist. Feiceann muid go n-oibríonn sé do chomharthaíocht, do stáiseanóireacht agus d'fhógairtí taifeadta béil. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh treoirlínte a bheith ann dóibh siúd chomh maith, ach is fearr a oireann - go pointe - rialacháin. Ceann de na cúiseanna atá leis sin ná nach bhfuil scéim teanga ag chuile eagraíocht Stáit. Nuair atá rialacháin ann, tá siad i bhfeidhm do chuile eagraíocht Stáit. Is féidir rangú a dhéanamh taobh istigh dó sin agus aicme a dhéanamh taobh istigh dó sin agus iad a dhéanamh chomh casta nó chomh simplí agus is mian linn ach ar a laghad, táimid ag tabhairt chuile eagraíocht Stáit faoi scóip na rialacháin sin gan gá dul tríd próiseas scéimeanna teanga. Sin ceann de na príomhbhuntaistí a bhaineadh le rialacháin le hais dul tríd treoirlínte. Ní bheidh scéim teanga ag chuile eagraíocht nó chuile aicme eagraíocht.
No comments