Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Tráchtaireacht agus Tuarascálacha: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Tá. Cuireadh ceist faoi chúrsaí Ombudsman agus mar sin de. Ar an gcéad dul síos, tá cumhachtaí éagsúla ag Ombudsmen difriúla. Mar shampla, tá ról comhairleach ag an Ombudman Leanaí don Roinn Gnóthaí Leanaí agus Óige nuair a bhíonn reachtaíocht á dhréachtú, rud nach bhfuil agamsa mar Choimisinéir Teanga.

Rud amháin a tháinig chun cinn i bpríomhthorthaí an taighde atá déanta maidir leis an tráchtaireacht ar aidhmeanna chóras na scéimeanna teanga ná é seo: Nuair a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga imscrúduithe ar chomhlachtaí poiblí de thoradh gearán amháin le scéim teanga nó le faireachán a dhéanamh ar scéim teanga, i ndá thrian den uair a daingníodh scéim teanga ina dhiaidh sin, laghdaíodh nó baineadh amach an gealltanas a bhí mar thoradh den imscrúdú. Dá mbeadh sé sin tarlaithe d'aon oifig Ombudsman eile, bheadh sé ina raic amach is amach. Ní ceart go mbeadh a leithéid ag tarlú.

Tabharfaidh mé sample amháin de sin a bhain leis na Tithe seo go speisialta maidir le Comhairle Contae na hIarmhí. Rinneadh gearán faoi shuíomh gréasáin Chomhairle Contae na hIarmhí. Bhí sé geallta ag an gcomhairle sa scéim teanga go mbeadh an suíomh gréasáin dátheangach. Rinneadh imscrúdú air sin agus frítheadh nach raibh an chomhairle ag comhlíonadh an méid a bhí geallta sa scéim teanga. Rinneadh moltaí ag rá go mba cheart cloí leis an scéim agus an suíomh a bheith dátheangach. Ní dhearnadh sin. Cuireadh tuarascáil faoi sin faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Is gníomh an-shuntasach é go gcuirfear tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais mar gheall go bhfuil comhlacht poiblí ag diúltú moltaí atá déanta ag m'oifig a chur i bhfeidhm. In ainneoin go raibh tuarscáil ina leith curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais, nuair a daingníodh an chéad scéim teanga eile le Comhairle Contae na hIarmhí, 'séard a tharla ná go mbaineadh amach agus laghdaíodh go suntasach an gealltanas sin. Sílim nach nglacfaí agus ní cheart go nglacfaí lena leithéid sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.