Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Tráchtaireacht agus Tuarascálacha: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá sé sin tábhachtach. Ba mhaith liom, i dtosach báire, fáilte a chur roimh Mr. Ó Domhnaill agus na Státseirbhísigh atá in éineacht leis. Is léir go bhfuil ollfhadhbanna ann. I gcásanna áirithe tá neamhaird á déanamh ar dhlí atá thar a bheith soiléir agus beacht, mar shampla, maidir le comhfhreagras i nGaeilge agus comharthaí. Tar éis a bheith ag feiceáil, má bhreatnaítear ar an Luas nua i mBaile Átha Cliath agus an síneadh atá á dhéanamh uirthi, tá na comharthaí i mBéarla níos soléite ná na comharthaí i nGaeilge má seastar siar uathu mar tá dath faoi leith orthu. De réir mar a thuigim, ó na rialacháin a thug mé féin isteach, tá sé sin in aghaidh an dlí. Níl an Luas fiú oscailte agus tá an dlí á shárú aici. Tá sé an-deacair, ar bhealach éigin, do siceolaíocht sa tír seo cur ina leith ar dhaoine rudaí beaga simplí a dhéanamh ar chomhchéim idir an Ghaeilge agus an Béarla. Is sampla ollmhór é sin agus má chuirtear ina ceart é, beidh colúnaithe ag gearán faoin gcostas. Dá mbeadh sé i gceart ón tús, ní bheadh aon costas.

Mar a deireann an tAire, táimid uile anseo sa Teach seo, cinnte na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí, ag déanamh scrúdú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is ceart go ndéanfadh muid é sin, ach tógfaidh sé tamall. Ar ndóigh, fiú má athraítear an tAcht, má tá an dearcadh céanna ann agus atá ann i láthair na huaire, ní éireoidh linn é a fheidhmiú.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an gcomisinéir. Feictear domsa, faoin Acht atá ann i láthair na huaire, nach bhfuil úsáid á mbaint as na feidhmeanna atá ann. An bhféadfadh an comisinéir a rá cé mhéad rialacháin nua a tugadh isteach ó rinne na rialacháin maidir le cúrsaí comharthaíochta nuair a bhí mé féin mar Aire? Ag an am sin bhí rialacháin beagnach réidh againn faoi, mar shampla, cúrsaí fógraíochta. Bhí plé ar bun i measc na nGaeilgeoirí maidir leis an gcaoi a gcuirfí é sin i bhfeidhm. Is ceist theicniúil í. Bhí dhá thuairim ann agus bhí mé ag iarraidh sin a phlé agus tharaibh as an Roinn mé.

An bhféadfadh an Coimisinéir a rá liom cé mhéad rialachán nua a tugadh isteach, mar d'fhéadfaí go leor eile a dhéanamh faoi na rialacháin láithreach gan aon phríomh-Acht?

Faoi alt 12(1), tá sé de chumhacht ag an Aire treoirlínte a eisiúint chuig comhlachtaí poiblí i ndáil le hullmhú dréachtscéimeanna. Is í an bhrí atá le sin ná go bhféadfadh an Roinn treoirlínte a eisiúint a deireann gur chaithfidh comhlachtaí a phléann le pobal na Gaeltachta ó lá go lá é sin a dhéanamh trí Ghaeilge. D'fhéadfadh sí rangú ar na comhlachtaí poiblí a dhéanamh faoin bhfo-alt sin, agus a rá más i gcatagóir A comhlacht, go gcaithfidh sé seo siúd agus uile a dhéanamh. Bhí obair tosaithe ar sin sa Roinn sa mbliain 2009. An bhfhéadfadh an Coimisinéir an cheist sin a fhreagairt - cé mhéad treoirlínte atá eisithe le sé bhliain anuas faoin bhfo-alt sin? An bhfuil treoirlínte eisithe ag an Aire a chuir ceangail ar na comhlachtaí rudaí áirithe a dhéanamh? Tá fo-mhíreanna eile ansin a thugann an chumhacht don Aire an rud céanna a dhéanamh.

An bhfuil an Coimisinéir sásta go bhfuil na comhlachtaí poiblí ag tabhairt aird ar na treoirlínte atá eisithe faoi alt 12 sna pleananna atá á ndaingniú ag an Roinn? An bhfuil sé sásta go bhfuil siad ag cinntiú - mar atá de dhualgas orthu faoin Acht atá ann i láthair na huaire - go bhfuil líon leordóthanach d'fhoireann atá inniúil sa Ghaeilge acu chun go mbeidh siad in ann a seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge agus trí Bhéarla? An bhfuil sé sásta go bhfuil an Roinn ag daingniú scéimeanna a chinntíonn go bhfreastalófar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineann le seirbhís a sholáthar i limistéir Gaeltachta? Faoi alt 13(2)(e), tá sé ar chomhlachtaí poiblí "a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí ná cibé dáta a chinnfidh sé le toiliú an Aire". An bhfuil aon chás ann gur chinneadh, le toiliú an Aire, ar dháta?

Dá ndéanfaí an méid sin, agus dá gcuirfí an méid sin - atá san Acht - i bhfeidhm, dhéanfadh sé an-leas ó thaobh chur i bhfeidhm an Achta, roimh aon Acht nua a thabhairt isteach, agus mar a deirim, creidim go bhfuil Acht nua ag teastáil. Is í mo cheist go simplí - an bhfuil teipthe ag an Roinn agus ar an Rialtas an tAcht a fheidhmiú mar a bhí sé leagtha amach?

Is í sin mo cheist dheireanach, beidh áthas ar an gCathaoirleach a chloisteáil. Bhí Rory Brady - go ndéana Dia ghrásta ar an bhfear - a bhí mar Ard-Aighne nuair a tugadh isteach an tAcht den tuairim, de bharr stádas bunreachtúil na Gaeilge, nach bhféadfadh plean nua leasaithe a thabhairt isteach a bheadh níos laige ná an ceann a chuaigh roimhe. Bhí Mr. Brady an-oilte ó thaobh chúrsaí dlí. Ba ceann de na habhcóidí is fearr sa tír é. Sa tuarascáil a chuir an Coimisinéir faoinár mbráid dúirt sé go bhfuil go leor de na pleananna nua níos laige ná na pleananna a chuaigh rompu. An bhfuair Oifig an Comisinéara aon tuairim abhchóide ar sin? Ar tástáladh an cheist sin sna cúirteanna? Mar a deirim, bhí Mr. Brady an-láidir den tuairim nach féidir dul siar ar phlean, go gcaithfidh gach plean bheith níos láidre agus nach féidir le haon cheann bheith níos laige. Bhí go leor de na cinnidh a rinne me préamhaithe ar an tuairim an-láidir a thug sé dom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.