Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Nuair a thiocfaidh an Bille atá foilsithe agam ar aghaidh, má cheaptar nach bhfuil sé dleathach ar ndóigh, níl aon amhras ach go mbeidh an Rialtas ag lorg comhairleoir an Ard-Aighne agus réiteoidh sé sin an cheist, ach ní chreidim é. Dá mbeadh sé sin faoi amhlaidh, ní fhéadfaí, mar shampla, coinníoll a chur ar an t-é a cheapfaí ar TG4 agus Údarás na Gaeltachta an Ghaeilge a bheith aige nó aici.

Ní thuigim an rud seo faoi dúthracht agus seo siúd. Ag deireadh an lae, is é úsáid an teanga a chruthaíonn an dúthracht. Tá an Stát seo neamhghnáthach ó thaobh chúrsaí teanga de. Bhain muid amach stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge san Eoraip - go hidirnáisiúnta. Ní teanga de chuid na Ríochta Aontaithe í an Bhreatnais. Bhí an argóint seo agamsa le Neil Kinnock mar, neamhchosúil leis an mBreatain Bheag, i gcás na tíre seo is í an Ghaeilge an teanga náisiúnta. An rud a bhíothas sásta glacadh leis go dtí seo ná go mbeadh institiúid tríú leibhéal amháin - ollscoil amháin - sa tír a mbeadh uachtarán uirthi a bheadh inniúil ar an nGaeilge. Ollscoil amháin i dtír a deir gurb í an teanga náisiúnta. Is cuma cé mhéad duine a labhraíonn nó nach labhraíonn an teanga.

Creidim go bhfuil sé fíorthábhachtach go bhfuil Gaeilge ag uachtarán na tíre. Buíochas le Dia, bhí Gaeilge ag formhór na n-uachtarán a bhí againn go dtí seo agus ní hamháin go raibh Gaeilge acu ach bhí Gaeilge líofa acu agus feiceann muid an tionchar a d'imir sé ar an bpobal. Má cheaptar uachtarán gan Ghaeilge ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, cén bealach gur féidir le duine a bheith dúthrachtach? B'fhéidir go bhféadfaidís a bheith ach smaoinigh go praiticiúil ar an iliomad ócáidí poiblí ar fad a bheidh á reachtáil ag an ollscoil, ina measc, dinnéaracha bliantúla agus bronntaí céimeanna. Ní bheidh an t-uachtarán in ann labhairt i nGaeilge. Ní bheidh an t-uachtarán in ann plé le na meáin cumarsáide trí mheán na Gaeilge. Seo í an ollscoil le dualgas speisialta Gaeilge leagtha uirthi agus í ar thairseach na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, mar a dúirt mé ar ball beag, iontóidh cuid d'obair an Acadaimh ar an mBéarla. Nuair a bheidh siad ag plé go díreach leis an uachtarán, trí bhéal nó i scríbhinn, beidh orthu é a dhéanamh i mBéarla.

Mar dhuine a bhí mar cheann ar eagraíocht sa Stát seo - an Roinn Ealaíon, Oidhreacht, Gaeltachta agus Oileán, mar a bhí ann ag an am, nó an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta - tá a fhios agam go ndearna se an-difríocht chuile uile lá ó thaobh modh iompair teanga taobh istigh den Roinn go raibh Gaeilge agamsa. Bhí cuid mhaith den Roinn ag feidhmiú go hiomlán trí Bhéarla ach, aisteach go leor, an tionchar a bhí aige ná go ndearna siadsan iarracht éigin ó thaobh na Gaeilge de agus bhí siad i bhfad níos coinsiasach i dtaobh na Gaeilge. An chuid den Roinn a bhí ag feidhmiú trí Ghaeilge, céard a rinne siad? D'fheidhmigh siad trí Ghaeilge. Fiú rudaí a bhain le hoileáin Galltachta agus mar sin de, bhí an chumarsáid ar fad trí bhéal agus i scríbhinn i nGaeilge. Éinne a deir liom nach ndéanfaidh sé aon difríocht do sheasamh na Gaeilge san ollscoil ó lá go lá agus go siombalach agus go náisiúnta, ní dóigh liom go dtuigeann sé nó sí siceolaíocht teanga.

Tá an-díomá orm faoin gcinneadh atá déanta ag an ollscoil. Ar ndóigh, anois beidh ar Thithe an Oireachtais breithiúnas a dhéanamh air seo. Má cheapann siad gur cás sách tromchúiseach é, beidh deis acu rudaí a chur ina gceart nó freagra a iarraidh ar na pointí seo. Táimid an-deireanach anocht ach beidh an deis sin ann rudaí a chur ina gceart. Caithfimid breathnú ar institiúidí tríú leibhéal san iomlán agus san uileag le chéile agus, déan cinnte, má cheapann Tithe an Oireachtais gur le leas náisiúnta na tíre é - ní leas na hollscoile atá i gceist anseo ach leas náisiúnta na tíre - beidh orainn an cinneadh sin a dhéanamh, agus déanfaidh muid é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.