Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

5:00 pm

Mr. Gearóid Ó Conluain:

Maidir leis an phointe a rinne an Cathaoirleach fá dtaobh de na coinníollacha a leagadh síos do phost na huachtaránachta nó gan na coinníollacha a leagadh síos, mar a dúirt mé cheana, chinn údarás na hollscoile an comórtas seo a rith ar an dóigh a bhfuil á rith i láthair na huaire. An chomhairle a thug siad dúinn na gur cheart go mbeadh an comórtas seo chomh hoscailte agus gur féidir. Is ar a bhonn sin a chuaigh muid i mbun gnímh. Is é sin an treoir a tugadh dúinn. Is feidhmeannaigh sinn de chuid na hollscoile. Caithfimid toil an údaráis a chomhlíonadh agus a chur i bhfeidhm, agus b'shin an dearcadh a bhí acu. Nílim ag iarraidh caitheamh anuas ar dhuine ar bith anseo. Tuigim go bhfuil an dá thaobh den argóint ann agus go bhfuil stuamacht ag baint le hargóint an Chathaoirligh. Tá an dá thaobh ann, ach is é sin toil an údaráis agus tá dearcadh eile ar fad acu.

Tagaim ar ais go pointe a luaigh mé tamall ó shin. Níl todhchaí na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag brath ar chumas cainte nó cumas scríofa duine aonair ar bith. Tá an bhéim ar fad sa reacht nua ar cheannasaíocht an duine agus ar conas a thabharfadh an duine seo faoi chás na Gaeilge a fhréamhú, a chur chun cinn, a fhorbairt agus a thacú mar aon le daoine eile a bhfuil an cúram sin ar a nguaillí ar fud na hollscoile. Tá difear an-shuntasach agus substaintiúil idir an reacht mar a bhí agus an reacht mar atá. Ach, tuigim gur tuairim eile é sin. Is féidir dul i ngleic leis an tuairim sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.