Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Breatimeacht: Díospóireacht

5:00 pm

Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh:

Go díreach le tacú leis an phointe maidir le toil an Rialtais glacadh leis an reachtaíocht seo, is léir go bhfuil toil an tromlaigh ann ar son reachtaíochta. Ní fios go fóill cén cineál reachtaíochta í sin ach ní ghéillfimid do reachtaíocht atá bog nó nach léiríonn ceart agus meas ar phobal na Gaeilge, mar a ghealladh deich mbliain ó shin i gComhaontú Chill Rìmhinn nó i gComhaontú Aoine an Chéasta. Níor chóir go dtitfidh reachtaíocht mar gheall ar easpa toile ó pháirtí amháin nó páirtí eile mar is rudaí iad seo a aontaíodh cheana féin. Níor chóir go mbeadh idirbheartaíocht go fóill ag dul ar aghaidh mar gur aontaíodh é seo cheana féin.

Is mór ag an phointe seo, an phointe a thógáil gur chóir comhairle dlí a lorg ar cuid de na ceisteanna seo. Nuair a gheall an Feidhmeannas ó Thuaidh straitéis 20 bliain don Gaeilge a thabhairt isteach ina gclár rialtais 2011-2015, agus nuair a theip orthu é sin a chomhlíonadh, ghlac Conradh na Gaeilge athbhreithniú breithiúnach insan Ard-Chúirt i mBéal Feirste. Bhí rialú ag an bhreitheamh cúpla seachtain ó shin a léirigh go soiléir gur theip ar an Fheidhmeannas clár rialtais, a bhí fréamhaithe i gComhaontú Chill Rìmhinn agus a rinne leasuithe ar in Acht Thuaisceart Éireann 1998, a chomhlíonadh. Mar sin, d'aithin na hArd-Cúirteanna i mBéal Feirste go raibh teip ar an Fheidhmeannas féin, as siocair easpa toile roinn pháirtithe clár rialtais agus gealltanais acu féin a chur i bhfeidhm.

Ní mór dúinn a bheith iontach cúramach faoin bhealach chun tosaigh más sin an chur chuige a bhí ann roimhe seo. Tá sé iontach tábhachtach go n-aithnítear an rialú Ard-Chúirte i dtaobh straitéise mar insan straitéis sin, a mhairfidh 20 bliain anois, bhí straitéis ann ó thaobh forbairt teaghlaigh, ó thaobh forbairt pobail, ó thaobh forbairt eacnamaíochta, forbairtí turasóireactha, forbairtí craoltóireachta agus fágtar na ceisteanna seo ar fad insan bhearna baoil de shiocair an Bhreatimeachta. Mar sin, ag dul siar ar an phointe arís, ní mór go rithfear rún ag an Bhuan-Choiste seo thar cionn an Rialtais ó Dheas ag tacú leis an reachtaíocht ó Thuaidh agus nach mbeimid ag dul sa bhearna baoil a thuilleadh ó thaobh ceisteanna reachtaíochta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.