Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Breatimeacht: Díospóireacht

5:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá brón orm nach raibh mé anseo ag an tús. Bhí orm agallamh a dhéanamh faoi chailliúint Martin McGuinness inniu. Sin an fáth nach raibh mé in ann a bheith anseo níos luaithe.

Bhí deis agam an tseachtain seo caite a bheith i Stormont. Tá idirbheartaíocht ar siúl ann ag an mbomaite. Tá sé dochreidte go bhfuilimid ag caint fós faoin Acht seo. Aontaíodh tacaíocht don Acht i gComhaontú Chill Rìmhinn agus i gComhaontú Aoine an Chéasta freisin. Shínigh Rialtas an Deiscirt na conartha sin agus is conartha idirnáisiúnta iad atá sa UN ach 11 bliain tar éis Chomhaontú Chill Rìmhinn táimid fós ag caint faoi seo.

Níl mé ag iarraidh an locht a chur ar an Teachta ach i slí amháin tá an locht ar an Rialtas. Tugann an Rialtas saghas leabharthaca ar cá bhfuil an idirbheartaíocht ag aon phointe amháin. Deir an Rialtas an banda ina bhfuilimid ag idirbheartaíocht. Ba cheart go mbeadh an Rialtas ag rá go bhfuil sé seo aontaithe agus go bhfuilimid anois ag déanamh idirbheartaíochta ar conas é a chur i bhfeidhm. Tá sé dochreidte go bhfuilimid ag ath-aontú an rud seo gan na comhaontuithe a chur i bhfeidhm. Tá dualgas uafásach ar an Rialtas sa Deisceart a rá le gach duine atá i Stormont go gcaithfidh siad é seo a chur i bhfeidhm agus nach bhfuilimid chun é a phlé arís agus arís eile. Ba mhaith liom go mbeadh an teachtaireacht sin ag an Rialtas, ag an Taoiseach agus ag an Aire, an Teachta Charles Flanagan, agus iad ag dul go dtí Béal Feirste. Ba chóir dóibh a rá gur aontaíodh é seo 11 bliain ó shin agus go gcaithfidh siad é a chur i bhfeidhm. Bhíos ag caint leis an Rúnaí-Stáit, James Brokenshire, faoi seo. Ní lucht féachana na Rialtais ar an rud seo. Ceapann siad é sin ach caithfidh siad an approach atá acu a athrú. Tá cúpla ceann de na páirtithe eile oscailte agus dearfach ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn agus caithfimid cuimhneamh air sin. Ceapaim go bhfuil an toil ann anois cúpla céim a bhaint amach maidir leis seo.

Níl siad fós ar an leathanach, áfach, go gcaithfidh an Ghaeilge a bheith ar an gcéim chéanna. Is é sin céim atá cothrom le céim an Bhéarla sa Tuaisceart. Caithfidh an meon sin a athrú freisin. Tá siad lán den tuairim go bhfuil luach leis an nGaeilge ach tá siad ag caint faoi stádas ar nós páirtnéireacht shibhialta in ionad pósadh iomlán. Nílimid chun glacadh le haon chéim ach comhchéim agus níl gluaiseacht na Gaeilge chun glacadh leis ach an oiread. Tá talamh sa lár ó thaobh na hidirbheartaíochta agus caithfear an tuairim nó an pointe sin a thuiscint go hiomlán. Inniu tá an tOireachtas ag caint faoi Martin McGuinness. Ghlac Martin McGuinness a ról i gcúrsaí polaitíochta mar ní raibh sé sásta glacadh le haon chéim nach raibh ar chomhchéim ar chor ar bith. Níl an ghlúin seo sásta é sin a dhéanamh ach an oiread. Níl mé ag iarraidh caint faoi chúrsaí polaitíochta mar gheall ar an dá thaobh den phobal sa Tuaisceart.

Aontaím go huile is go hiomlán go bhfuil géarghá anois an tAcht a aontú agus a chur i bhfeidhm go tapaidh. Muna ndéanfaimid é sin go tapaidh, b'fhéidir go n-imeoidh cibé tacaíocht atá ag an nGaeilge ag an mbomaite mar gheall ar an Aontas Eorpach cosúil leis an sneachta ar an sliabh. Ní cheapaim go mbeidh an Rialtas i Londain comhláidir maidir leis. Tá faitíos orm ar aon nós. Ó thaobh na hidirbheartaíochta maidir leis an mBreatimeacht nó an Sasimeacht nó cibé focal atá air, níl an Tuaisceart ar radar Londain ag an mbomaite. Mar sin, tá géarghá ann anois an rud seo a chur i bhfeidhm.

Bíonn na heagraíochtaí atá anseo ag brath ar an Stáit d'infheistíócht agus a leithéid. Bíonn deacrachtaí uaireanta-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.