Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Breatimeacht: Díospóireacht

5:00 pm

Dr. Niall Comer:

Ar son Chonradh na Gaeilge, gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le cléireach an chomhchoiste as an deis seo a thabhairt dúinn inniu chun labhairt leis an gcoiste faoi na himpleachtaí a d'fheadfaí a bheith ag an mBreatimeacht ar an nGaeilge. Tá ról an-láidir le himirt ag Rialtas na hÉireann le cinntiú go mbeidh cosaint ag pobal na Gaeilge ó Thuaidh, agus tá súil againn go mbeidh an comhchoiste sásta glacadh le rún molta atá againn a luafaidh mé ag deireadh mo chainte.

Ba mhaith liom píosa a rá ag an tús faoin obair atá ar bun ag Conradh na Gaeilge i gcomhthéacs na Eorpa. Is ball gníomhach muid don ghrúpa feachtasaíochta agus ionadaíochta, Líonra Comhionannais Theangacha na hEorpa, ELEN. Tá ionadaíocht ag an eagraíocht ar choiste stiúrtha ELEN. Tá nascanna oibríochtúla againn le heagrais teanga fud na hEorpa agus bíonn muid ag obair go dlúth leo ar cheisteanna a bhaineann le cosaint agus cur chun cinn teangacha dúchasacha na hEorpa i rith ama. Chomh maith leis sin, bíonn cruinnithe rialta againn le buanionadaíocht na hÉireann sa Bhruiséil agus le feisirí Eorpacha na hÉireann.

Táimid páirteach i dtionscadail atá á mhaoiniú ag an Aontas Eorpach, i gcomhar le páirtnéirí eile. Mar shampla, tá scéim againn dírithe ar shealbhú teanga do dhaoine fásta, go háirithe do mhionlaithe eitneacha agus inimircigh, i gcomhar le CMPV i Valencia agus grúpaí eile san Ungáir.

Chomh maith leis sin, tá ionadaíocht láidir ag an gConradh ag ócáidí ar fud na hEorpa, mar shampla, bhíomar ag Eisteddfod na Breataine Bige sa bhliain 2016 agus ag éisteacht oifigiúil an Aontas Eorpaigh sa bhliain chéanna. Chuir muid litir poiblí le chéile, i gcomhar le páirtnéirí ón Albain agus ón Bhreatain Bheag, i mbéal an vóta ar an Bhreatimeacht ag tabhairt le fios ár mbuairimh faoin vóta cinniúnach sin. Chuir muid mar Chonradh an ráiteas sin amach ag maíomh ár ngaoil ar an tuiscint go dtéann ballraíocht san AE chun tairbhe dár bpobail agus go gcuireann sin beocht inár dteangacha.

Is minic a dhéanann lucht déanta bheartais an Rialtais neamhaird dúinn agus is neamhaird a dhéantar dúinn sa díospóireacht i dtaobh Breatimeacht, cé gur saoránaigh chómhaithe muid atá lán de mhaoin chultúrtha nach bhfuil le fáil in áit ar bith ach sna hoileáin seo. Is éard atá inár dteangacha ná bunchlocha chultúir éagsúla na n-oileán seo. Os rud é go gcuimsíonn siad ár gcomhthaithí, ár gcaidreamh, ár ngreann agus ár gcruinneshamhail, úsáidtear iad cosúil le nuatheangacha eile na hEorpa san oideachas, sna seirbhísí poiblí, sa ghnó, i saol an phobail agus eile. Aithnítear an Ghaeilge ó Thuaidh faoi réim na Cairte Eorpaigh um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus an Chreat-Choinbhinsiúin maidir le Cosaint Mhionlaigh Násiúnta. Tugann conradh Liospóin agus an Chairt um Chearta Bunúsacha, atá ina phríomhdhlí ag an AE, aird ar ilghnéitheacht cultúir agus teanga agus cuirtear cosc dá réir ar leithcheal ar bhonn teanga.

Chomh maith leis sin, mar a luaigh mé cheana féin, is ball gníomhach de ELEN muid, atá ag feidhmiú ar fud na mór-roinne lena chinntiú go ndéantar cearta teanga ina gceart daonna doshannta dosheacanta taobh istigh den AE. I ndiaidh na dtreoracha i dtaobh ábhar comhthromais agus timpeallachta atá ag dul i bhfeidhm go suntasach ar fud na hEorpa, táimid ag obair ar son treoracha um chomhthromas teangacha agus ar son imeachtaí sáraithe a thionscnamh i gcásanna idirdhealaithe in aghaidh teangacha réigiúnacha. Tá obair mhór déanta againn air seo ach toisc an Bhreatimeachta, ní bheidh aon bhunús leis an obair seo ó Thuaidh.

Mar gheall ar Bhreatimeacht, beidh muid fágtha faoi smacht Rialtas nár thaispeáin an tsuim ná an dea-thoil chun cearta chainteoirí Gaeilge a chosaint nó a chur chun cinn. Mar shampla, le déanaí chuir Comhairle na hEorpa tuairisc amach ar dul chun cinn Rialtas na Breataine i gcur i bhfeidhm na ndualgas atá orthu chun an Ghaeilge agus teangacha eile sa Ríocht Aontaithe a chosaint agus a fhorbairt. San fhreagra a chuir Rialtas na Breataine ar ais chuig Comhairle na hEorpa, rinne siad neamhaird iomlán ar mholtaí an chomhairle go bhfuil géarghá le hAcht Gaeilge ó Thuaidh. Níor thagair siad den mholadh in aon chor san fhreagra.

Ní bheidh teacht againn ach an oiread ar an maoiniú Eorpaigh le haghaidh tionscadail teanga, rud a dhéanfadh dochar d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus d’eagraíochtaí oideachais díreach ag an am go bhfuil pobal na Gaeilge ag toiseach ag dul i ngleic leis na sruthanna maoinithe seo. Tá seo tarlaithe cheana féin i gcuid de na hollscoileanna ó Thuaidh atá cosctha, beag nó mór, ó mhaoiniú ón Eoraip. Cuirfidh Breatimeacht bac ar dheiseanna ár n-aosa óig agus ar chúrsaí fostaíochta. Beidh deireadh le maoiniú a chuireann fostaíocht ar fáil do phobal na Gaeilge.

Bhí an tAE ina sciath chosanta is ina lóchrann dóchais ag pobal na Gaeilge ó Thuaidh i dtréimhsí nach raibh meas ná cúram ón Rialtas nó na húdaráis ar fáil. Chuir rannpháirtíocht san AE ilchineálach feabhas ar an tuiscint agus ar an chosaint atá in ann don Ghaeilge ó Thuaidh. Is mór an tionchar a imreoidh Breatimeacht ar an Ghaeilge. Tá dlúthcheangal idir inmharthanacht leanúnach na Gaeilge agus sláinte eacnamaíoch na bpobal a labhraíonn í. In éagmais eacnamaíochta rathúil a chuireann fostaíocht éadálach ar fáil don té atá ina chónaí taobh istigh de phobail na Gaeilge, cailltear cainteoirí trí imirce agus na daoine atá ag imeacht sa tóir ar obair agus ar an tithíocht inacmhainne. Feictear an treocht seo sa Bhreatain Bheag, a chailleann na mílte cainteoirí gach bliain de bharr imirce. Tá patrúin chosúla le feiceáil i nGaeltachtaí na hÉireann agus na hAlban.

Tugtar maoiniú an AE don ollscolaíocht, mar shampla Horizon 2020 nó Erasmus+, don talmhaíocht, mar shampla an ciste Eorpach talmhaíochta um fhorbairt tuaithe, agus don a leithéidí de réimsí eile. Tugann sé cuidiú do gheilleagar an Tuaiscirt agus déanann sé leas indíreach don Ghaeilge. Níl leid ar bith againn go bhfaigheadh ár dteanga a leithéid de leibhéil infheistíochta ó Rialtas na Ríochta Aontaithe.

Tá bagairtí fad-téarmacha ann do Chomhaontú Aoine an Chéasta mar gheall ar an Bhreatimeacht. Tá an pointe seo an-tábhachtach. Tá an comhaontú seo fréamhaithe i rialúcháin agus reachtaíocht an AE agus tá baol ann go mbeidh an comhaontú féin, a d’aithin an Ghaeilge don chéad uair ar bhonn oifigiúil ó Thuaidh, i mbaol. Gan amhras, cuirfidh sé seo na forais tras-Teorainn, a d’eascair ón chomhaontú seo, i mbaol. Tá difear suntasach déanta ag an infheistíocht ó Thuaidh ar bheocht agus athbheochan na Gaeilge mar gheall ar mhaoiniú straitéiseach Fhoras na Gaeilge. Tá buairt ann go mbeidh an infreastruchtúr uile-Éireann seo i mbaol mar gheall ar na hathruithe córasacha a thiocfaidh chun cinn i ngeall ar Brexit.

Is é an rud is práinní agus is tábhachtaí faoi láthair ná go mbeidh reachtaíocht ann le pobal na Gaeilge ó Thuaidh a chosaint, mar atá molta ag na Náisiúin Aontaithe agus ag Comhairle na hEorpa agus go bhfuil móramh na mBall sa Tionól anois ar a son. Chuige sin, d’fhoilsigh muid plé-cháipéis an tseachtain seo caite ag déanamh briseadh síos ar caidé a bheadh i gceist le hAcht Gaeilge ó Thuaidh agus an costas a bheadh leis. Rinneadh an-iarracht bheith airdeallach ar an chomtheács polaitiúil ó Thuaidh, ach go mbeadh an cáipéis ag freastal ar mhianta an phobail agus ag tógáil ar an saineolas ar fad atá bailithe thar na blianta. Rinne muid moltaí praiticiúla inoibrithe ar an bhealach is fearr chun Acht éifeachtach a chur i bhfeidhm ar chostas íseal £3.8 milliún sa bhliain, ar chostas aon uaire go leor de. Tá deis ar leith againn sa tréimhse seo agus chabhródh seo le cosaint a thabhairt don teanga, cibé bealach a thiteann rudaí amach faoin Bhreatimeacht.

Bheadh muid buíoch don choiste, mar sin, dá mbeadh baill an choiste sásta rún a rith ag éileamh ar Rialtas na hÉireann fógairt go poiblí go bhfuil Acht Gaeilge ó Thuaidh mar thosaíocht agus riachtanach mar chuid de bhunú aon Fheidhmeannas nua don Tionól ó Thuaidh agus gur chóir an phlécháipéis atá curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge a úsáid mar bhunús don Acht sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.