Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Breatimeacht: Díospóireacht

5:00 pm

Ms Janet Muller:

Creideann Pobal gur cearta daonna iad cearta teanga agus díreoidh mé san aitheasc gairid seo ar roinnt impleachtaí a dtiocfaidh i gcás an Bhreatimeachta. I dtaca le cearta go ginearálta, ach go háirithe maidir leis an Ghaeilge sna Sé Contae agus ar ár n-oiléan ar fad, cad iad na cosaintí a tugtar ó Thuaidh anois nach mbeidh ar fáil dúinn i ndiaidh Breatimeachta? Is iomaí gnéithe atá ag an Aontas Eorpach ach tá dhá ghné tábhachtacha ann a bhfuil mé chun díriú orthu inniu, an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus forbairt agus cur i gcrích dlíthe a bhaineann le comhionannas agus le leatrom. Caithfear a aithint, áfach, le blianta beaga anuas nach ndearna beart de réir briathair san Aontas Eorpach i gcónaí agus go bhfuil ísliú ann i gcearta sóisialta agus eacnamaíochta, go háirithe ó thaobh na dteifeach agus na n-inimirceach de.

Go dtí seo, ar na buartha is mó a léirigh eagrais chearta daonna agus teanga tá imní faoi thitim i gcaighdeán agus i gcur i gcrích chearta daonna le himeacht na Breataine Móire ón AE. Dar le roinnt de na heagrais seo tá baol ann go ndéanfaidh Rialtas na Breataine an tAcht um Chearta Daonna sa Ríocht Aontaithe a aisghairm i gcomhthéacs na seineafóibe. Dar linn, má théann Rialtas na Breataine siar ar chosaintí chearta daonna tá baol ann go n-imreoidh sé sin tionchar diabhalach ar phroiséas na síochána ó Thuaidh agus go gcuirfidh sé le hionsaithe ar an Ghaeilge go háirithe.

Faoi láthair tá stádas na Gaeilge ó Thuaidh ag braith ar ionstraimí idirnáisiúnta de chuid Chomhairle na hEorpa den chuid is mó, an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus an Creat-Choinbhinsiún um Chosaint na Mionlach Náisiúnta. Cé nach gá go dtitfidh siad as feidhm mar gheall ar Bhreatimeacht, tá doiléireacht ann faoina gcur i bhfeidhm go leanúnach ina dhiaidh sin. Cúis imní ar leith é seo uilig nuair nach bhfuil cosaint láidir reachtaíochta ann don Ghaeilge ó Thuaidh. Ní féidir an teanga a chur chun cinn ar an oileáin ar fad nuair atá stádas na Gaeilge ó Thuaidh in úsáid ag roinnt de na páirtithe poilitiúla agus ag Rialtas na Breataine mar a bheidh liathróid peile ann.

Ó 2001 go dtí an lá inniu tá Pobal i mbun monatóireachta ar chur i gcrích ó Thuaidh na n-ionstraimí idirnáisiúnta a thagair mé dóibh. I mí na Márta 2016 chuir Pobal réamhthuairisc faisnéis-bhunaithe faoi bhráid an choiste chomhairleach ar an chreat-choinbhinsiún agus bhuail muid le hionadaithe an choiste, Neven Aneli, ball an choiste chomhairleach ó Bosnia agus Herzegovina, Tomá Hrusti ón Slovak Republic agus Tove Malloy, ball na Danmhairge ar an choiste. Bhí muid in ann chur in iúl dóibh caidé mar atá an creat-choinbhinsiún á chur i bhfeidhm.

Mar thoradh ar an chaidreamh fada atá againne leis na saineolaithe seo agus ar chaighdeán ár dtuairiscí thar na blianta, neartaigh an coiste a chuid moltaí i gcomparáid le 2007 agus 2011 maidir le hAcht na Gaeilge don Tuaisceart. Dúirt an coiste gur ceart do Rialtas na Breataine comhaontú polaitiúil a chruthú insan Tuaisceart maidir le tabhairt isteach an Achta. Tagann an moladh láidir seo ó na saineolaithe le moladh 2014 de chuid an choiste ar an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Bhuail muid leis an choiste i 2013 agus roimhe sin, thar na blianta. Mar thoradh ar ár n-ionchur áitíonn sé go bhfuil "persisting hostile climate" ag leibhéal an Tionóil maidir leis an Ghaeilge agus, chomh mhaith leis sin, dúirt sé gur cheart reachtaíocht Gaeilge a thabhairt isteach láithreach.

Comhshínitheoir é Rialtas Theach Laighean ar Chomhaontú Chill Rìmhinn 2006 ina dtugtar gealltanas reachtaíocht Gaeilge a thabhairt isteach. Iarrtar ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tacaíocht lán chomh láidir le tacaíocht na saineolaithe de chuid na hEorpa a thabhairt do mholtaí Phobal, a d'fhoilsigh muid sa document Acht na Gaeilge Tuaisceart Éireann Eisiúint 2. Sílim gur scaipeadh an cháipéis seo cheana féin. Tá na moltaí seo comhaontaithe le pobal na Gaeilge agus curtha le chéile le comhairle ó na saineolaithe dlí agus teanga is iomráití ar an domhain, an tOllamh Robert Dunbar ó Dhún Éideann, an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Chaerdydd agus Cambridge, an tOllamh Wilson McLeod, Ollscoil Dhún Éideann, agus an tOllamh Fernand de Varennes, Ollscoil de Moncton, Ceanada.

Is léir, agus cainteanna ag dul ar aghaidh ó Thuaidh, go bhfuil deis nua ann dul chun cinn suntasach a dhéanamh ar an cheist seo. Iarrtar ar an Chomhchoiste ról gníomhach láidir a imirt le cinntiú go dtugtar isteach an tAcht is cuimsithí agus is láidre gur féidir. Dar linn, ní fiú reachtaíocht lag easnamhach a thabhairt isteach agus comhthéacs seicteach, achrannach ann go fóill i dTuaisceart na hÉireann i dtaca leis an Ghaeilge de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.