Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 7 March 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ceisteanna Óige: Díospóireacht
4:40 pm
Ms Brenda Ní Ghairbhí:
Bhí. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcoiste as an ócáid seo a eagrú inniu. Tá féile Seachtain na Gaeilge ar siúl faoi láthair ón 1 Márta go dtí an 17 Márta. Is mór an t-aitheantas a thugann Tithe an Oireachtais don fhéile nuair a eagraítear an ócáid seo agus ócáidí eile i dTeach Laighin go bliantúil. Ba mhaith liom cúpla nóiméad a thógaint chun buíochas a ghabháil leis na daltaí agus na múinteoirí atá anseo inniu. Labhair siad go hiontach ar fad. Bhí mé faoi gheasa ag an méid le bhí le rá acu. Aontaím leis an gCathaoirleach gur chúis dóchais é i dtaobh todhchaí na teanga agus todhchaí na tíre go bhfuil daoine óga atá chomh cumasach ag teacht chun cinn.
Tá mé ag obair le Conradh na Gaeilge, eagraíocht atá ar an bhfód ón bhliain 1893. Tá nach mór 150 bliain caite ag an gconradh ar saothrú ar son na teanga agus ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn i gach gné den saol - i rudaí oifigiúla agus freisin sa saol ginearálta. Eagraíonn Conradh na Gaeilge Seachtain na Gaeilge chuile bhliain. Tá sé mar chuid den ról atá againn brú a chur ar na húdaráis oifigiúla feabhas a chur ar an teanga go hoifigiúil ionas go mbeidh seirbhísí ar fáil ón Stát. Tá sé mar aidhm againn go mbeidh daoine in ann an méid is mó rudaí gur mhaith leo a dhéanamh trí Ghaeilge agus gur ghnáthrud, seachas rud aisteach, a bheidh i gceist.
Ós rud é go bhfuil na daltaí sa chúigiú bliain agus sa séú bliain, beidh cuid acu ag bogadh ar aghaidh go dtí an ollscoil sna blianta atá romhainn. Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt dóibh bheith páirteach i gConradh na Gaeilge mar eagraíocht agus i bpobal na Gaeilge i gcoitinne. Tá súil agam go n-úsáidfidh siad an deis a bhí acu go dtí seo an Ghaeilge a bheith acu, go mbainfidh siad úsáid as an nGaeilge amach anseo agus go ndéanfaidh siad gach iarracht grá don Ghaeilge a scaipeadh. Tá níos mó ná 180 craobh ag Conradh na Gaeilge timpeall na hÉireann agus thar lear. Tá craobhacha againn i bPáras, i mBeirlín, san Astráil, i Meiriceá agus ar fud na hÉireann. Tá craobhacha an-láidre againn sna hinstitiúidí tríú leibhéal. Má théann na scoláirí atá linn inniu ar aghaidh go dtí na coláistí tríú leibhéal sna blianta atá amach romhaibh, gheobhaidh siad amach go bhfuil na cumainn Ghaelacha atá mar chuid de Conradh na Gaeilge an-pháirteach i saol na coláistí sin. Tagann siad go dtí an Ard-Fheis a bhíonn ar siúl againn gach bliain. Cuireann siad rúin isteach agus bíonn vótaí orthu. Beidh an deis céanna ag na daltaí atá i láthair má tá suim acu páirt a ghlacadh sa chineál seo ghníomhaíocht. Is cuimhin liom nuair a bhí mé ar scoil, cheap mé gurb é an t-aon slí go bhféadfainn an Ghaeilge a choimeád na staidéar a dhéanamh uirthi ar an gcoláiste. Nuair a chuaigh mé ar an gcoláiste, thuig mé go bhféadfainn pé rud gur mhaith liom a dhéanamh agus an Ghaeilge fós a thabhairt liom. Is féidir leis na finnéithe é sin a dhéanamh. Tá súil agam go mbeidh siad mar chuid ghníomhach den teanga amach anseo. Tréaslaím leo agus tá súil agam go mbuailfidh mé leo amach anseo.
No comments