Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 7 March 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ceisteanna Óige: Díospóireacht
4:20 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Coinneoidh mé súil ar na ceisteanna. Caithfidh mé dul ar ais go dtí an Dáil ar ballín beag. Tá an dara ceist agam ar an Aire Stáit Gaeltachta an t-am seo. Tá cúpla nóiméad agam roimh ré. Ar an gcéad dul síos, tá míle fáilte roimh na daltaí. Tá brón orm nach raibh mé anseo ó thuas go deireadh, ach bhí mé sa Dáil. Molaim na daltaí as ucht an Ghaeilge bhreá atá acu. Is deas go bhfuilimid in ann an comhrá seo a bheith againne i nGaeilge agus nach bhfuil éinne ag úsáid an córas aistriúcháin. Is rud iontach é sin. Maidir leis an gceist seo faoi fhéinmharú, tá na daltaí ag rá agus tuigim go mbíonn brú ollmhór orthu i ngeall ar an ardteist agus an chaoi go n-oibríonn sé. Tá sé éasca a aithint go bhfuil fadhb. Tá sé níos deacra teacht ar réiteach. An cheist atá agamsa ná, céard a chuirfeadh siad in áit na hardteiste. Is é sin i ndáiríre an dúshlán atá romhainn i gcónaí i bpolasaí. Ba mhaith liom tuairimí na ndaltaí a fháil air sin.
Maidir leis an imirce, tá beirt agamsa ar imirce ach ní raibh orthu dul ar imirce. Chuaigh beirt de mo chlann ar imirce le taithí saoil a fháil. Ar ndóigh, b'fhearr le chuile duine go mbeadh breis postanna ann. Déanfaidh mé níos éasca é ar bhealach mar gur cheist an-leathan é. An é an t-idirlíon snáthoptaice a bheith ag gach duine sa tír, cuma cén áit sa tír a bheadh duine d'fhéadfaí gnó a rith uaidh, an rud is mó? An é sin an rud is mó, nó an é bóithre nó deontais? Iarraim ar na daltaí a lua céard a cheapann siad go ndéanfadh siad dá mbeadh siad i gcumhacht. Tá sé alright polasaí a scríobh, ach céard a bheadh sa pholasaí? Tá mise an-tugtha don idirlíon snáthoptaice. Chuaigh mise siar as Baile Átha Cliath. Tógadh mé i mBaile Átha Cliath agus is as Baile Átha Cliath dom. Chuaigh mé siar ar mhaithe le postanna a chruthú i gConamara. Tá mo thuairimí láidre féin agam faoi chruthú postanna agus céard a chaithfear a dhéanamh.
Tá mé ag iarraidh a fháil amach céard iad na rudaí a ndéanfadh siad. Chuir siad an-bhéim ar fhostaíocht. Céard iad na rudaí a dhéanfadh siad leis an bhfostaíocht a chur ar fáil, go mórmhór in iarthar na tíre? Céard iad na fáthanna nach bhfuil postanna ann, dar leo? Bheadh an-spéis go deo agam freagra a fháil ar an gceist sin. Fágfaidh mé aige sin é.
No comments