Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 7 March 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ceisteanna Óige: Díospóireacht
4:20 pm
Mr. Ronán Mac Aoidh:
Ba mhaith liom labhairt ar an gcás bulaíochta a bhí an Seanadóir Ó Dónaill ag caint faoi agus na daoine a bhfuair bás faoi. Táim cinnte sna cásanna sin nach raibh a fhios ag na tuismitheoirí nó na múinteoirí faoi seo go dtí gur tharla sé. Is í sin an fhadhb atá ann. Níl daoine ag labhairt amach faoi. Maidir le fadhb na bhfón póca, beidh sé deacair é a dhéanamh mar go bhfuil na fóin póca ceangailte i gcultúr na ndaoine óga anois. Beidh sin doiligh a bhaint amach.
No comments