Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

4:10 pm

Ms Ciara Ní Icí:

Tá beirt guidance counsellors inár scoil ach tá sé an-deacair dóibh déileáil le gach rud lá i ndiaidh lae. Gach bliain bíonn seachtain sláinte intinne againn. Bíonn aird ar sláinte intinne don tseachtain ar fad ach níl ansin ach cúig lá sa bhliain. Ba chóir go mbeadh an aird sin againn gach lá. Ní bhíonn an aird ceart againn air gach seachtain eile sa bhliain. Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil an aird sin ann gach lá agus cén fáth nach bhfuil gach éinne, agus ní hamhain na guidance counsellors, ar an eolas maidir leis seo. Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil an deis ag daltaí an aird sin a bheith acu agus an deis a thapú chun rud a dhéanamh faoi gach lá in ionad seachtain amháin sa bhliain.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.