Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

4:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair. Tá an-chuid eolais ann agus an-chuid tuairimí láidre. Tá áthas orm iad a chloisteáil. Gan dabht, léiríonn sé seo ní hamháin na tuairimí atá ag na finnéithe ach an tsuim sna hábhair éagsúla. Teastaíonn uaim díriú ar chúpla ábhar. Rinne an-chuid de na finnéithe plé ar fhostaíocht agus imirce agus mar sin de. Níl an cheist seo dírithe ar aon duine faoi leith, ach luaigh Darragh, mar shampla, an éifeacht a bhí ag an oideachas saor. Luaigh na finnéithe éagsúla angles difiúla. Cad iad a dtuairimí mar gheall ar fhostaíocht amach anseo? Cad é an chuma a bheidh ar fhostaíocht? An mbeidh daoine ag déanamh an ról céanna ar feadh a saolta ar fad? An mbeidh daoine ag obair agus ag cónaí san áit chéanna? An mbeidh an obair ar an Idirlíon agus daoine ábalta suí ar an trá áit éigin, siúl isteach agus roinnt gnó a dhéanamh ar an ríomhaire glúine? An mbeidís ag obair ó thíortha difriúla? Cad é an leagan amach a bheidh ar chúrsaí oibre amach anseo? An mbeidh sé cosúil le hobair Gharda nó mhúinteoir atá ag cónaí agus ag obair sa tír chéanna nó an mbeidh cuma difriúil ar an bhfostaíocht?

Luaigh Eilís an t-ochtú leasú ar an mBunreacht. Bhí samplaí an-dian á léiriú aici. An dóigh leis an bpainéil ar fad gur chóir rudaí a athrú agus rud éigin nua a chur ina áit nó an rud atá ann a chur ar leataobh ar fad? An chóir é a leasú agus rud éigin eile a chur ann nó an chóir gan aon rud a bheith ann?

Ábhar an-tromchúiseach é an féinmharú. Labhair Ciara ar an dorchadas agus an tslí go raibh daoine ag fulaingt ina n-aonar. Luaigh Rachel a cara. An bhfuil eolas ag daoine faoi na háiseanna atá ar fáil go háitiúil dóibh? Luadh Pieta House. Eagraíocht náisiúnta é sin. An bhfuil eolas ag daoine ar áiseanna áitiúla ina gceantair féin? Bhí an-chuid plé ar an teagmháil leis an múinteoir. Cé mhéad teagmháil agus comhrá a bhíonn ann idir daltaí agus cairde chun tacaíocht a thabhairt dá chéile?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.