Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:50 pm

Mr. Conor Ó Gallchóir:

Creidim ceist conspóideach í an cheist faoin chóras oideachais. Níl mise ach 15 mbliana agus ceist í don Roinn Oideachais agus Scileanna ar ndóigh agus ní ceist domsa í. I mo thuairim féin, tá cáil ar an oileán seo - Oileán na Naomh agus na nOllamh - agus deir siad gur an scrúdú is deacra a dhéanfaidh tú choíche ná an scrúdú ardteiste. Sílim féin gur ullmhúchán breá don saol an scrúdú céanna sin. Ní saineolaí mise agus níl ann ach mo thuairim pearsanta féin. Is ceist í ba chóír a phlé sa Roinn Oideachais agus painéal ar leith eile le hathbhreithniú a dhéanamh air.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.