Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:40 pm

Mr. Ronán Mac Aoidh:

Ba mhaith liom labhairt san áras breá seo faoi ábhar nár maith le daoine labhairt faoi - ábhar a ndéanann an chuid is mó againn iarracht é a chur amach as ár n-intinn. Ábhar é nach bhfuilimid ag déanamh go leor le réiteach an faidhbe a fháil. Is é sin féinmharú agus an t-aos óg. Tá mé cinnte nach bhfuil duine ar bith i láthair inniu nach bhfuil a fhios acu ar duine inteacht - scoláire dá scoil féin, duine muintire nó duine san chomharsanacht - a fuair bás de bharr an fhéinmharaithe. De réir statisticí, fuair 554 duine - óg agus aosta - bás de bharr an fhéinmharaithe in 2011. Sin uimhir atá i bhfad níos mó ná an uimhir de dhaoine a fuair bás de bharr timpistí bóithre agus táimid uilig ag cur brú ar an Rialtas rudaí a dhéanamh faoi na timpistí seo ach nílimid ag cur leath an bhrú orthu faoin fhéinmharú.

De réir staidéir a rinne Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, tá duine as achan seisear déagóir ag fulaingt ó neamhord meabhrach agus is é seo príomhchúis an féinmharú. I gcásanna áirithe tá an neamhord seo gíniteach ach tá a lán cúiseanna eile ann, ina measc ólachán agus drugaí, brú sa bhaile nó ar scoil, uaigneas, bulaíocht, gnéaschlaonadh agus a lán cúiseanna eile.

Mar gheall ar srian ama, ba mhaith liom díriú ar chuid de na cúiseanna a chuireann isteach ar dhaoine óga. Ar dtús labhróidh mé féin ólachán. I láthair na huaire, de réir scrúduithe a rinneadh le déanaí, d'admhaigh 85% de scoláirí dara leibhéal go n-ólann siad deochanna meisciúil. Cé go bhfuil sé seo scanrúil, ní chuireann sé iontas ar bith orm féin. Mar a deir an seanfhocal, "An rud a chíonn an leanbh is a níonn an leanbh". Cíonn an t-aos óg a lán ólacháin. Cíonn siad daoine óga ag dul amach achan deireadh seachtaine ag ól agus ag glacadh drugaí agus tá brú orthu an rud céanna a dhéanamh. Gan mhoill, tá cuid acu sáinnithe agus níl seo maith don mheabhairshláinte.

Tá réiteach ar an fhadhb seo, áfach. I láthair na huaire, tá sé ró-éasca deoch a cheannach. Tá slabs móra leanna le fáil ar bheagán euro i siopaí, stáisiún peitreal agus siopaí eis-cheadúnais. Tig dlí a chur i bhfeidhm nach ceart deochanna a dhíol ar luach íseal agus stop a chur le deochanna a bheith ar fáil i stáisiúin peitreal agus a leithéidí. Ní smaointe úra atá seo. Mar shampla, sa tSualainn, tá monaplacht ag an Rialtas ar an díolachán óil. Níl cead deoch a cheannach áit ar bith ach amháin sna siopaí Rialtais agus caithfidh an ceannaitheoir a bheith thar 20 bliain d'aois. I mo thuairimse, ba chóir níos mó eolais a bheith ar fáil in ár scoileanna faoi dainséir an alcóil.

Fadhb eile ná an bhulaíocht. Is fadhb mhór é seo, go háirithe an méid cibearbhulaíochta atá ag dul ar aghaidh ar na meáin sóisialta, cosúil le Snapchat agus Facebook Messenger. Sílim féin go bhfuil an chibearbhulaíocht i bhfad níos measa ná an bhulaíocht fhisiciúil mar nílimid in ann na marcanna atá fágtha ar an intinn a fheiceáil. Má tá an bhulaíocht ag dul ar aghaidh ar scoil, leanann sé abhaile an dalta tríd na meáin sóisialta. Níl faoiseamh ar bith ag an duine óg. Níl siad ábalta codladh san oíche. Síleann siad go bhfuil fuath ag daoine orthu agus nach bhfuil cairde ar bith acu. Is é seo ceann de phríomhchúiseanna an fhéinmharaithe. Mar gheall air seo, tá caint ann nár ceart do pháistí atá faoi 16 bliain d'aois fón póca a bheith acu. Fón póca iad seo ina bhfuil suímh pornagrafaíochta le fáil go héasca. Fón póca iad seo ina bhfuil daoine óga ábalta cibearbhulaíocht a dhéanamh ar dhaoine eile. B'fhéidir gur chóir do pholaiteoirí ár dtír smaoineamh a dhéanamh air sin.

Smaoinigh ar an brú atá ag baint leis an scoil. Tá scrúduithe le déanamh. Caithfear an méid ceart pointí a fháil. Muna n-éiríonn leis an dalta, síleann sé nó sí nach bhfuil maith ar bith ann nó inti agus go bhfuil sé nó sí teipthe. Tá piarbhrú ag baint leis an scoil fosta le cuma ceart a bheith ar an dalta. Tá aithne agam ar chailíní i mo rang féin a n-éiríonn ar a 6 a.m. le smideadh a chur orthu agus ní hamháin smideadh ach an smideadh ceart a chosnaíonn a lán airgid. Cuireann sé seo uilig isteach go mór ar dhaoine óga. Ba chóir traenáil speisialta a thabhairt do mhúinteoirí ar scoileanna le bheith ábalta déileáil le fadhbanna an duine óig. Ba chóir saineolaithe a bheith ar fáil le déileáil le páistí a bhfuil faoi bhrú mór, go háirithe le daoine óga atá ag fulaingt ó neamhord meabhrach.

Tá grúpaí sa tír seo atá ag déanamh obair iontach ar son an aosa óig, ina measc, na Samaritans, Childline agus CAMHS agus i nDún na nGall tá Jigsaw Leitir Ceanainn. Ach ar an drochuair caithfear níos mó a dhéanamh. Trí obair le chéile, b'fhéidir go dtiocfadh linn pláigh an fhéinmharaithe a dhíbirt ónár dtír, go háirithe ón aos óg.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom thar ceann Phobalscoil Chloich Cheannfhaola buíochas a thabhairt don Chathaoirleach, an Teachta Catherine Connolly, agus do Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an deis seo a thabhairt dúinn labhairt anseo. Gabhaim buíochas speisialta lenár Seanadóir féin, an Seanadóir Brian Ó Domhnaill, iar-scoláire Phobalscoil Chloich Cheannfhaola. Tá súil agam gur bhain an coiste sult as ár gcuid cainte agus, cé nach cainteoirí proifisiúnta muid, b'fhéidir lá inteacht go mbeimid ar ais go proifisiúnta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.