Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:30 pm

Ms Leah Ní Mhuirgheasa:

Leah is ainm dom agus táim ag leanstan leis na pointí a bhí ag mo chomh-scolairí ar an topaic: “An Todhcaí: Post in Éirinn nó an bád bán”. Ba mhaith liom díriú ar an "imeacht intleachta" atá ag tarlú agus moladh conas a mheallaimid Éireannaigh ar ais.

Gan dabht ar bith, pé áit a bhfuileamar, tá súil againn uilig go mbeidh post againn sa todhcaí. An cheist ná, an mbeidh muid anseo inár dtír dhúchais nó an mbeidh muid ag obair thar lear? Go simplí, braitheann an leibhéal imirce ar an leibhéal fostaíochta. Faoi láthair, an meon ginearálta atá ag Éireannaigh ná gur féidir leo oideachas a fháil in Éirinn. Muna bhfuil siad in ann post a fháil, níl ach an bád bán mar rogha acu. Ó staitisticí an CSO, tá an méid is mó eisimircigh idir 25 agus 44 bliana d'aois. Dar liom, seo na daoine is tábhachtaí inár sochaí. Is féidir linn "imeacht intleachta" a chur ar seo. I 2016 amháin, d’fhág 32,000 duine le oideachas tríú léibhéal ár dtír agus tá na mílte eile le scileanna eile ag fágáil ár dtír chomh maith.

Caithfimid é seo a cheistiú. Cén fáth a bhfuil na daoine is cliste inár dtír ag fágáil chun a gcuid saineolais a chur in úsáid áit éigin eile? Cén fáth nach féidir leo post a fháil ina dtír féin? Cén fáth nach bhfuil a ndóthain tacaíochta ag teacht ónár dtír go mbeadh siad in ann pá réasúnta a shaothrú? Cén fáth, chun an méid is mó a bhaint amach sa saol, go bhfuil orthu a n-áit cónaithe agus a gclainne a fhágáil? Conas a bhfuil muid ábalta an fhadhb seo a réiteach? Conas a mheallann muid na daoine riachtanacha seo ar ais?

Conas gur féidir linn iad a stopadh ag imeacht sa chéad dul síos? Tá Éire cheana féin bunaithe ar dhaonra thar a bheith chliste. Tá beagnach 200,000 duine in institiúidí ard-oideachasa in Éirinn faoi láthair, ach an féidir leo na scileanna seo a chur in úsáid? Faoi láthair, ní féidir. Is tír idirnáisiúnta, ilchultúrtha muid ach caithfimid toiseacht ag cur postanna ar fáil in Éirinn. Is tír neamhspleách muid, ach cé chomh neamhspleách is atáimid i ndáiríre? Táimid ag braith ar chomhlachtaí iasachta chun lonnú in Éirinn chun postanna a chruthú. Cén fáth nach bhfuil muinín ag ár Rialtas i muintir na hÉireann? Tá muid oilte agus saibhir le scileanna sa tír seo. Ba chóir go mbeadh ár Rialtas sásta tacú linn agus ba chóir go mbeadh muid muiníneach ionainn féin mar phobal.

San aois seo, tréimhse leis an oiread sin cúrsaí neamhchinnte, níl an dara rogha againn ach toiseacht ag brath ar ár bpobal féin. Is féidir linne a bheith mar cheannródaithe domhanda i réimsí ar nós cúrsaí teicneolaíochta agus cúrsaí leighis. Chomh maith, tá bearna mór sa domhan i gcomhair chaomhnú timpeallachta. Níl aon amhras go bhfuil cúrsaí timpeallachta ar cheann de na fadhbanna is mó atá romhainn sa lá atá inniú ann. Rugadh agus tógadh mo ghlúin leis na fadhbanna seo. Tá sé thar a bheith práinneach go rachaimid i ngleic leis na deacrachtaí seo láithreach. Cinnte, mar shampla, thiocfadh linn a bheith mar cheannródaithe ó thaobh ábhair a hathchursáil san Eoraip, rud a chruthódh go leor fostaíochta. Ní hamháin sin ach is féidir linn a bheith mar cheannródaithe ó thaobh fhuinnimh in-athnuaite - fuinnimh atá ag teastáil uainn gan amhras - agus rudaí eile a chruthódh go leor fostaíochta. Bheadh na postanna seo in Éirinn agus ní bheadh daoine ag smaointiú faoin mbád bán. Níl de dhíth leis na samplaí seo a chur i gcrích ach an toil ceart a bheith ag ceannairí ár dtír tabhairt fúthu.

Is cosúil go bhfuil Rialtas na tíre seo ag cur béime ar chúrsaí gnó agus conas gur féidir le daoine áirithe airgead agus brabús a dhéanamh. Creidim go bhfuil sé in am dúinn smaointiú faoin bpobal iomlán - gach uile duine sa tsochaí - agus fís cheart a bheith againn don todhchaí. Caithfimid toiseacht ag léiriú tionscnaíochta chun a bheith mar thír nuálach agus lán le deiseanna, áit a bhfuil daoine bródúil as agus tír atá ag obair ar son an domhan a fheabhsú.

Gabhaim míle buíochas leis an gcoiste as ucht cluas a thabhairt dom féin agus do mo chomh-scoláirí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.