Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:30 pm

Ms Eilís Ní Ruiséil:

Is mór an onóir domsa a bheith anseo inniu ag Iabhairt Iibh faoin ochtú leasú i mBunreacht na hÉireann. Is ábhar fíor-chonspóideach é seo gan dabht agus ba mhaith liomsa cúlra nó stair na conspóide a thabhairt ar dtús. Bhí dlí frith-ghinmhillte sa tír seo in 1861. De réir Acht um Chionta in Aghaidh an Duine, cuireadh príosúnacht ar bhean ar bith a rinne iarracht ginmhilleadh a fháil muna raibh bagairt siceolaíocht láithreach ann. Bhí eagla ar dreamanna difriúla sa tír a bhí i gcoinne an Ieasú seo go raibh an dainséar ann go ngIacadh breitheamh ciall eile as na focal "bagairt siceolaíocht" agus go mbeadh ginmhilleadh ceadaithe. Mar sin chuir siad brú ar an Rialtas reifreann a bheith ann leis na focal a athrú ionas go mbeadh sé an-deacair ginmhilleadh a fháil. Ba é seo an t-ochtú leasú i mBunreacht na hÉireann in 1983. Deir an leasú a leanas: "Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é". Ghlac an pobal leis an reifreann sin.

Mhúscail an reifreann seo dearcaí eagsúla ó dhreamanna difriúla sa tír agus bhí dream mór a bhí go huile agus go hiomlán i gcoinne an leasú seo. Tharla cúpla rud i ndiaidh sin a thug an t-easaontas chun tosaigh arís. In 1984, chuir scéal scanrúil scáfaireach Ann Lovett brón agus uafás ar phobal na tíre. Girseach bheag óg cúig bliana déag d'aois a bhí inti, dhá bhliain níos óige na mé fhéin ag an am. D’fhág sí a scoil ag am lóin. Lá fuar, fliuch, cáidheach a bhí ann. Rug sí breith ar Ieanbh beag bídeach faoi dhealbh na Maighdine Muire. Thainig páistí beaga uirthi ar maidin an lae arna mhárach agus í ar imeall an bháis agus corp a linbh beag clúdaithe ina cóta féin. Fuair Ann bocht bás ar an turas go dtí an ospidéal. Tharla seo bliain i ndiaidh an t-ochtú leasú, dlí a cuireadh i bhfeidhm chun beatha a chosaint. Is soiléir gur a mhalairt a tharla. Bhí an tír náirithe.

In 1992, tharla rud uafásach eile ar a tugadh cás X. Arís, girseach óg 14 bliana d’aois a bhí i gceist. Bhí sí ag iompair clainne de bharr coir uafásacha éagnú a d’fhulaing sí. Ní raibh sí ag iarradh an páiste a bheith aici agus bhí smaointí féin-mharaithe aici feasta. Bhí sí ar a bealach go Sasana le ginmhilleadh a fháil ach cuireadh stop léi. Bhí racán sa tír arís. Chuaigh an cás go dtí an Cúirt Uachtarach agus dúirt an breitheamh go raibh an ceart ag bean ginmhilleadh a fháil má bhí a saol i mbaol.

Ansin tharla scéal millteanach brónach Savita Halappanavar cúig bliana ó shin. Bhí cuimhneamh ag mo thuismitheoirí ar na cásanna eile agus bhí mé ábalta ceisteanna a chur orthu faoi caidé a bhí ag dul ar aghaidh ag an am, ach tá cuimhneamh agam fhéin ar an gcás seo. Fuair Savita bás i ndiaidh breith mhairfeach sheipteach. Fuair an leanbh bás chomh maith ach rinneadh an scéal tragóideach seo níos measa mar go bhféadfadh saol Savita a shábháil. Nuair a bhí a fhios acu nach dtiocfadh leis an leanbh teacht ar an saol beo, dúirt sí go raibh sí ag iarraidh foirceannadh. Dhiúltaigh siad é sin a dhéanamh agus fiú dúradh léi nach ndéanfadh siad é sin, mar a dúirt siad fhéin, "This is a Catholic country." Bhí muid náirithe arís.

Chruthaigh a bás fearg agus frustrachas i measc cuid mhór daoine sa tír agus bhí daoine ag iarraidh dlí a dhéanamh a bheadh soiléir. Ó na casanna seo uilig tá sé rí-shoiléir gur topaic iontach casta agus achrannach é seo ach caithfear réiteach fóirsteanach a fháil air. Gach uile lá téann ar a laghad deich mban trasna go Sasana le ginmhilleadh a fháil, thar 3,500 sa bhliain. De réir fianaise atá foilsithe ag an Irish Family Planning Association, IFPA, cuireadh tuairim is 1,600 piollaí ginmhille chun na tíre seo idir 2010 agus 2012. Tá tuairimí an-láidir ag an dá thaobh atá ag argóint faoi. Cé atá ceart? An bhfuil ceart nó citeach ann? Cé a shocróidh é? Léanfaidh an conspóid ar aghaidh bliain i ndiaidh bliana agus mar sin tá socrú ag gabháil orainn go luath, agus tá an socrú sin ag brath ar na polaiteoirí.

Tá an t-ábhar seo i mbéal an phobail. Fiú rinne The Irish Timessuirbhé ar an topaic seo an Aoine seo caite. Seo roinnt de na ceisteanna a bhí i gceist. Ar cheart do bhean cead ginmhilleadh a fháil ma tá sí ag iompar clainne de bharr éigniú nó ciorrú coil? Bhí 77% i bhfábhar ginmhilleadh sa chás sin. Fosta, ar cheart di cead ginmhilleadh a bheith aici má tá féatas marfach mí-normalta ag an leanbh? Bhí 76% i bhfábhar sin. Chomh maith le sin, tá ceisteanna eile a gcaithfear smaoineamh air. Ar cheart do bhean a cearta bunúsacha a bheith aici agus a rogha fhéin a dhéanamh? An bhfuil cearta ar bith ag an athair? Cá huair go bhfuil féatas ina leanbh? Caidé faoi chearta an Iinbh sin nach bhfuil ar an tsaol go fóill?

Tá sé doiligh freagraí cearta a thabhairt ar na ceisteanna seo gan dabht. Tá cuid mhór rudaí a gcaithfidh polaiteoirí smaoineamh air go hionraic le croí agus intinn oscailte. Ná déan cinneadh mar gheall ar bhrú ó thaobh amháin nó taobh eile, nó a bheith ag smaoineamh ar an chéad toghchán eile. Gabh de réir bhur gcoinsiasaí fein.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.