Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:20 pm

Ms Rachel Lingwood:

Táim sa séú bhliain ag freastal ar Ghaelcholáiste Choilm í gContae Chorcaí. Is mór an phribhléid dom bheith anseo os comhair an choiste chun labhairt faoi thopaic fíor-thábhactach, is é sin an féinmharú agus daoine óga. Ní féidir a shéanadh gur fhadhb ollmhór í seo agus ba cheart labhairt fuithi, mar tá sé soiléir nach bhfuil sí ag bailiú léi in aon áit. Is é atá sa cheann agam le plé ná an strus a chuirtear ar dhaoine óga, an dúlagar agus na slite ar féidir an féinmharú a sheachaint sa todhcaí.

I láthair na huaire, tá mé féin agus daltaí cosúil liomsa, ar fud na tíre, i mbun obair dhian. Tá an ardteist ag teacht agus beidh sé anseo go tapaidh. Caithfidh mé a admháil, mar dhalta, is saol crua é saol an scoláire. Bíonn orainn obair lá i ndiadh lae, ó mhaidin go hoíche le haghaidh scrúdú dodhéanta agus míchothrom a mhaireann breis is dhá uair go leith. Bíonn a lán rudaí ag tarrac ár n-aird agus bíonn sé an-deacair do gach duine bheith sásta leo féin agus bródúil astu féin. Cén fáth? Mar, do dhaoine áirithe, an rud is tábhachtaí dóibh ná bheith ar fheabhas ag gach uile rud. An fhoirfeacht a bhíonn á lorg acu. B'fhéidir go bhfuil brú orthu sa bhaile óna dtuismitheoirí nó óna múinteoirí ar scoil. Cuireann sé sin isteach go mór ar a sláinte intinne. Tugann sé sin ar aghaidh mé chuig mo dhara phointe faoin dúlagar.

Glacann an dúlagar smacht ar shaol iomlán an duine, ar bhealach sleamhain, slítheanta agus cumhachtach. De ghnáth, ní bhíonn aon rian fisiciúil le feiceáil. Fulaingíonn duine as gach deichniúr idir trí bliana déag d’aois agus naoi mbliana déag d’aois leis an dúlagar. Cúpla blian ó shin, chaill mé cara le féinmharú. Bhíos an-mhór leis ach fós féin ní raibh a fhios agam go raibh sé ag fulaingt go dona leis an dúlagar. Duine greannmhar agus fuinniúil ab ea é agus bhínn ag gáire an t-am go léir leis. Cheap mé nach raibh cíos cás ná cathú air ach nach ormsa a bhí an dul amú. Níor labhair sé le haon duine faoin dúlagar agus ní féidir liom mo cheann a chur timpeall air sin. Níor oscail sé a bhéal chun cabhair a lorg. Cuireann sé isteach go mór ar mo chroí gur cheap sé nach mbeadh sé in ann cabhair a fháil. Bhí fonn éalú air agus roghnaigh seisean an tslí is measa ar domhain chun críoch a chur lena fhadhb.

Tarlaíonn rudaí cosúil leis seo gach uile lá agus thosnaigh mé ag ceistiú ár sochaí. Cad atá á dhéanamh againn chun a léiriú do dhaoine faoi ghruaim go bhfuil ualach cabhrach ar fáil sa tír? Níl aon réiteach tapaidh air seo ach caithfimid tosú ag déanamh jab níos fearr aire a thabhairt do na daoine óga atá ag fulaingt sa tír seo. Tugann sé sin ar aghaidh mé chuig mo phointe dheireanach.

Ní mór don Rialtas airgead a chur ar fáil do na heagraíochtaí a chuireann seirbhisí ar fáil, mar shampla, Pieta House. Déanann siad sár-jab ag cabhrú le daoine óga in am an ghátair.

Ba chóir go mbeadh cabhair proifisiúnta ar fáil sna scoileanna chun cabhrú le scoláirí atá faoi bhrú ón gcóras oideachais. Inár scoilse tá beirt ghairm threoraí go leith againn agus ní leor sin in aon chor do scoil le daonra scoláire thar 1,400. Ní mór do Facebook, Twitter agus na meáin cumarsáide sin gach ar féidir leo a dhéanamh chun deireadh a chur le bulaíocht ar líne agus chun faire amach dos na daoine óga a bhaineann úsáid as na suíomhanna sin. Caithfidh an coiste agus an Rialtas a chinntiú go bhfuil dlithe sa Bhunreacht a dhéileáileann leo siúd ata i mbun na bulaíochta ar líne.

Cloistear scéalta go minic faoi dhaoine cáiliúla a labhrann go hoscailte faoina bhfulaingt féin leis an ndúlagar, mar shampla, Bressie, a labhair amach sa bhliain 2014 faoina dheacrachtaí féin. Spreag a scéal flúirse daoine óga chun a bhí ag cur as dóibh a phlé nó é a lua le duine fásta.

Más rud é nách dtógann baill an choiste aon rud eile ón óráid seo, tá súil agam go dtuigeann siad é seo. Tá sé de cheart againn ar fad súp is sásamh a bhaint as ár saoil agus muna mbraitheann duine 100%, tá sé sin ceart go leor. Tá cabhair ann, ach caithfimid mar shochaí jab níos fearr a dhéanamh chun an cabhair sin a fhógairt. Mar a dúirt Donal Walsh, is réiteach bhuan é féinmharú ar fhadhb shealadach. Tá slí eile éalú ón ndorchadas, ach ní hé féinmharú an freagra riamh. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an éisteacht béasach. Rachel Lingwood is ainm dom agus is iad sin mo thuairimí faoi fhéinmharú agus daoine óga. Beir bua is beannacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.