Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:20 pm

Mr. Micheál Ó Gríofa:

Tá mé féin ag leanstan ar na pointí faoin topaic "An Todhchaí: Post in Éirinn nó an bád bán".

Le deanaí, leigh mé scéal faoi chailín óg, Molly Bogan. Tá sí críochnaithe sa mhéanscoil san Astráil agus ba mhaith léi teacht ar ais go dtí a tír dhucháis. An fhadhb ná go mbeidh uirthi €7,000 a íoc mar tháillí ollscoile i gcomporáid le €3,000. I gcás Molly, conas gur féidir linn duine mar sin a mhealladh ar ais le na táillí seo?

Cinnte, mothaím go bhfuil an t-ádh dearg orm go bhfuil cónaí orm in Éirinn mar is aoibhinn liom mo thír dhúchais. Le fírinne, ag an bpointe seo creidim nuair a chríochnaím sa choláiste go mbeidh orm an tír seo a fhágail. Ó aimsir an Ghorta ar aghaidh, tá nós cruthaithe dul ar imirce ó Éirinn go dtí áiteanna cosúil le Meiriceá nó chun na hAstráile mar gheall nach raibh an dara rogha ag daoine. Ní raibh postanna nó seirbhísí cearta ag daoine in Éirinn fadó, ach anois tá daoine fós ag fágáil ina sluaite. De réir na Príomh-Oifige Staidrimh, bhí breis agus 243 duine ag fágáil na tíre gach uile lá i 2013 agus 80,000 duine i 2016. Is ionann sin agus glúin iomlán caillte. Le fírinne, tá na glúnta caillte ó aimsir an Ghorta ar aghaidh. I mo thuairim go simplí, níl a dhóthain deiseanna againn sa tír seo do dhaoine. Le deireannas, leigh mé i Tuairisc.ie, as an 18,000 post atá ar fáil sa Státseirbhís, nach bhfuil ach 15 aitheanta mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach, An Roinn Oideachais agus Scileanna, An Roinn Airgeadais, An Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil, An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus An Roinn Cosanta san áireamh. Níl amhras ar bith ach gur náireach na staitisticí seo.

Ba mhaith liom díriú ar an topaic seo mar Ghael óg. Ba mhaith liom labhairt faoin buntáiste a bhaineann leis an Ghaeilge mar theanga sa tír agus conas gur féidir linn í a úsáid chomh maith is gur féidir linn i bpoist. Cé go bhfuil an tAcht i bhfeidhm ó 2010, níl ach plean gnímh á chur le chéile faoi láthair, seacht mbliain ar aghaidh. Anuraidh, rinneadh comóradh náisiúnta ar Éirí Amach 1916 agus muid ag cuimhneamh ar chlann uile an náisiúin. Céad bliain ar aghaidh, nílimid ag tabhairt aire do theanga an náisiúin i gceart fiú. Tá deiseanna dochreidte i gceist maidir le forbairt ár dteanga sa tsochaí. Dá mbeadh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge curtha i bhfeidhm i gceart, bheadh pobal na tíre nua-chothaithe agus spreagtha gan amhras. Ní fiú dúinn a bheith ag brionglóid faoi 250,000 cainteoirí Gaeilge sa tír muna dtig linn iad a shamhailt le rólanna lárnacha, iad gníomhach agus ag obair sa tír le postanna in Éirinn.

Ba cheart is ba chóir go mbeadh an Ghaeilge ag pléascadh amach as na ceantracha Gaeltachta agus as na Gaelscoileanna fud fad na hÉireann agus ag dul i bhfeidhm ar phobal uile na tíre i rith na bliana, i bhfad níos mó ná díreach cúpla focal le linn Sheachtain na Gaeilge. Ní leor an béalghrá anois má táimid i ndáiríre faoinár dteanga, faoinár bpobal is faoinár dtír. Tír gan teanga, tír gan anam. Caithfear níos mó deiseanna a chuir ar fáil leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i gcrích. Deir lucht gnó linn, mar shampla, gur féidir linn leas a bhaint as an Ghaeilge i gcúrsaí margaíochta agus turasóireachta, ach tá i bhfad níos mó i gceist le teanga pobail. Ní neart go cur le chéile. Neartaíonn teanga an pobal. Is í an Ghaeilge bunchloch ár gcultúr. Tá sampla maith den phobal athchothaithe le feiceáil faoi láthair sa cheantar tuaithe ó thuaidh i Sleacht Néill, áit ina bhfuil athbheochan cultúrtha ar siúl agus an Ghaeilge mar chroí-lár na hathbheochana.

Mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain, "Is í slánú na Gaeilge athghabháil na hÉireann". Níl aon amhras orm go raibh an ceart aige. Más rud é go dtiocfadh linn an Ghaeilge a athchothú, bheadh na Gaeil ag smaointiú faoi postanna in Éirinn go cinnte. Tá dúshláin ann go fírinne ach má thugtar na deiseanna don ghlúin seo, táim dóchasach go dtiocfaidh linn na dúshláin a chomhlíonadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.