Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:10 pm

Mr. Darragh Lankford:

Gabhaim buíochas as an gcoiste as ucht an deis seo a thabhairt dom tráthnóna. Ní gá a rá go bhfuil tionchar ag na topaicí a labhrófar fúthu inniu ar thodhchaí na hÉireann. Labhróidh mé leis an gcoiste faoi mo thuairimí féin maidir leis an mbád bán agus tionchar an bháid bháin ar thodhchaí na tíre. Ba cheart go n-éisteofaí le tuairimí an aosa óig inniu mar is ár nguthanna a bheidh ag stiúrú na tíre sna blianta beaga atá romhainn.

Bhí fonn taistil riamh ar na Gaeil. Ó thosach an Ghorta Mhóir, thosnaigh muintir na hÉireann ag fágáil na tíre ag lorg oibre thar sáile. Ba chúis leis an imirce i gcaitheamh an Ghorta Mhóir le titim siar na Gaeilge. Bhí ceann faoi ar na hÉireannaigh agus d’fhágadar a dtír dhúchais chun saol nua a aimsiú dóibh fhéin. Sar i bhfad, d’fhulaing muintir na hÉireann trí ré dhubh faoi chois na Breataine. Agus sinn ag lorg saoirse, bunaíodh ár Rialtas féin, ach níor stop tréimhse an bháid bháin fós. Bhí ganntanas saighdiúirí ag an mBreatain i rith an dá chogadh domhanda. D’fhág roinnt Éireannaigh chun cúnamh a thabhairt do chabhlach na Breataine.

Tuigtear dúinn gur tháinig athrú ar stádas na hÉireann sa bhliain 1967 agus fós sa lá atá inniu ann táimid ag tarraingt ár gcosa linn maidir leis an mbád bán. Sa bhliain 1967, cuireadh oideachas dara leibhéal ar fáil saor in aisce do dhaonra na hÉireann. Sna blianta beaga ina dhiaidh sin, chuaigh líon na ndaoine a bhí ag teitheadh na tíre i méid. Bhí an dara rogha ag daoine ansin. Dá mbeadh fonn taistil ar dhuine agus oideachas maith orthu, d’fhéadfaidís taisteal timpeall na cruinne. I gcaitheamh na mblianta, ní rabhamar ach ag piocadh linn trí roinnt ghéarchéimeanna uafásacha eacnamaíochta agus is de thairbhe an drochphá go bhfuil daoine ag fágáil na hÉireann. I ndáiríre, an féidir an milleán a chur orthu? Is í an fhadhb ná go dtéann altraí, múinteoirí agus dochtúirí, mar shampla, thar lear ag lorg oibre, socraíonn siad síos le clann agus ní thagann said thar n-ais go hÉireann riamh. Cuirtear oiliúint ar an dream a fhágann in Éirinn agus baintear úsáid as na scileanna a fhoghlaimítear anseo in Éirinn thar sáile.

Ní foláir polasaí nua a chur i bhfeidhm maidir leis an bhfadhb suntasach seo. Ní mór dúinn muintir na hÉireann a ndeachaigh ar imirce a mhealladh ar ais go hÉireann. Dá dtiocfadh daoine thar n-ais, bheimis níos láidre le chéile agus thiocfadh feabhas as cuimse ar stádas an Rialtais. Is mór an chailliúint iad na daoine a d’fhág Éire ar mhaithe pá nó tuarastal níos airde agus oideachas den chéad scoth orthu. Is mór an dúshlán é ach ní mór don Rialtas béim a chur ar an bhfadhb seo sula bhfágann daoine le neart scileanna agus fuíollach oideachais orthu. Is dúshlán mór é ach ní leor an chaint. Ní foláir polasaí nua a chruthú agus cinnte feicfear impleachtaí dearfacha ar thodhchaí na tíre agus tiocfaidh forbairt ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre seo.

Ar an lámh eile de, ní mór dúinn fáilte Uí Cheallaigh a chur roimh na heachtrannaigh atá ag teitheadh an Mheáin Oirthir i láthair na huaire. Bhíodh muintir na Éireann ag socrú síos i dtíortha ar fud na cruinne in imeacht na mblianta agus anois ní foláir dúinn cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh dainséar an Mheáin Oirthir a sheachaint. Tá an cat crochta rompu ar fud an domhain agus níl sé cóir go gcaithfidh said a saoil a chur i mbaol an bháis lá i ndiaidh lae.

Ní féidir a shéanadh ach go gcaithfidh Rialtas na hÉireann polasaí nua a chur i bhfeidhm maidir leis na hÉireannaigh a ndeachaigh thar sáile ar imirce agus iarracht laghdú a chur ar líon na ndaoine atá le fágáil. Anuas ar sin, ní foláir dúinn ár ndoirse a oscailt roimh na bochtáin atá ag streachailt trí ghortaí is cogaí timpeall na cruinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.