Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 7 March 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ceisteanna Óige: Díospóireacht
3:00 pm
Ms Eibhlín Nic Cormaic:
Is mise Eibhlín Nic Cormaic ó Choláiste an Eachréidh agus inniu beidh mé féin agus mo chomhscoláirí ag plé an ráiteas seo: "An todhchaí: post in Éirinn nó an bád bán". Ar dtús, cad is brí leis an ráiteas sin? Is éard atá sa todhchaí ná an saol atá amach romhainn. Is éard atá i gceist le "post in Éirinn nó an bád bán" ná, an mbeidh mé agus mo ghlúin in ann postanna a fháil agus saolta a bheith againn anseo inár dtír dhúchais féin nó an mbeidh orainn bogadh agus postanna a fháil i dtíortha eile.
Ar an drochuair, níl móran seans ann go mbeidh postanna ann dúinn. Fiú dá bhfaighfimid postanna anseo, is cosúil nach dtugfar an t-aitheantas ceart d’oibrithe na tíre maidir le tuarastal agus coinníollacha oibre. Mar shampla, i Meiriceá tuilleann altraí breis is dhá oiread an méad a thuilltear anseo. Tuilltear €31,000 anseo agus €64,000 i Meiriceá. Tá i bhfad níos mó measa léirithe ar an bpost agus dá bhrí sin fanann daoine leis an bpost a dhéanamh. Tá a leithéid fíor maidir le go leor postanna. Le fírinne, níl mé ag iarraidh an tír seo a fhágáil, ach táim buartha nach mbeidh an dara rogha agam agus go mbeidh orm an tír a fhágáíl toisc nach bhfuil poist ar fáil anseo inniu.
Le déanaí, scríobh Conor Hynes i The Irish Timesag cur síos ar a chairde ag teacht ar ais ó imirce. Bhí éad air toisc go raibh siad tar éis an méid sin a dhéanamh thar lear. Cén fáth nach bhfuil a mhalairt fíor? Cén fáth nach mbíonn poist ag na daoine a fanann in Éirinn agus éad ar na daoine a théann ar imirce?
I stáidéar a rinne Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, atá foilsithe ag The Irish Times, d’aimsíodh go ndúirt tuismitheoirí na n-eisimirceach gur fhág siad toisc go raibh orthu, ach nuair a cheistíodh na heisimircigh féin dúirt siad gur fhág siad toisc go raibh siad ag iarraidh an tír a fhágáil. D’fhág siad mar gur cheap siad nach raibh rud ar bith tarraingteach fá fanacht. D’fhág siad mar gur cheap siad go mbeadh saol sna tíortha eile níos fearr. Fágtar an tír seo toisc nach bhfuil na poist agus na háiseanna ar fáil, ach is féidir linn é sin a athrú. Ní amháin sin ach is féidir linn daoine ó thíortha eile a mhealladh anseo chomh maith. Ba chóir dúinn na háiseanna atá againn a úsáid agus a fhorbairt chun é seo a dhéanamh. Má dhéanann an tír infheistíocht sna háiseanna mealltacha atá againn, laghdóidh an ráta imirce.
Tá ard-chaighdeán oideachais agus scileanna sa tír seo ach ba chóir dúinn é sin a thaispeáint. Ba cheart go mbeadh cáil ar Éire mar thír le córas oideachais iontach agus poist iontacha le fáil de bharr an oideachais sin agus na scileanna sin. Bíonn seit scileanna ag gach uile duine a fhágann an tír seo. Gach uair a fhágann duine, caillimid mar thír píosa beag de fhéiniúlacht na tíre, toisc go n-imíonn ceird nó scil éigin le gach eisimearcach.
Le fírinne, níl teorann ar an méid go dtiocfadh linn a dhéanamh sa tír seo.
Níl mar bhac orainn ach ár samhlaíocht féin. Tá go leor féidireachtaí go dtiocfadh linn a fhorbairt, ach caithfidh cúrsaí a athrú. Caithfidh ár meon mar Ghaeil a athrú. Caithfimid smaointiú dúinn féin agus gan a bheith ag brath ar cheannaireacht ón taobh amuigh. Is féidir linn foghlaim ón domhan idirnáisiúnta gan a bheith faoin ordóg aige. Caithfimid smacht a ghlacadh ar ár dtodhchaí féin agus ár gceannaireacht féin a léiriú ar stáitse an domhain go hidirnáisiúnta.
Sa todhchaí, má dhéanann Éire forbairt agus infheistíocht cheart agus má bhaineann muid úsáid as na háiseanna atá againn, beidh a dhóthain poist againn do mhuintir na hÉireann agus do mhuintir eile chomh maith.
Beidh mo chomhscoláirí Micheál Ó Gríofa agus Leah Ní Mhuirgheasa ag tógáil ar na pointí seo. Tá súil agam go dtabharfaidh siad ábhar machnaimh don choiste. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht cluas a thabhairt le héisteacht dom.
No comments