Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gaeilge sa Státseirbhís

5:50 pm

Mr. Éamonn Ó Dónaill:

Tá creatlach againn do chóras oiliúna faoin teastas sa Ghaeilge ghairmiúil. Tá réimse cúrsaí ag teastáil ag leibhéil éagsúla chun freastal ar dhaoine a bhfuil riachtanais éagsúla acu ó thaobh scríobh na teanga agus labhairt na teanga. Ní bheadh le déanamh ach baile a aimsiú dóibh. Tá cúrsaí ann cheana féin ach caithfear córas a fhorbairt píosa beag eile sa dóigh is go mbeadh cúrsaí ann don réimse leathan riachtanais atá ann. Ní jab deacair é sin. Tá sé indéanta. Níl tuairim agam cén buiséad a bheadh ann ach ní buiséad mór a bheadh i gceist. Ní fiú córas a bheith ann muna bhfuil an toil ann é a chur i bhfeidhm. Is é sin atá ag teastáil.

Sa Bhreatain Bheag, sula mbíonn cúrsa teanga ar bith ar siúl, tarlaíonn sé go forleathan go mbíonn feasacht teanga - language awareness - i gceist sa dóigh is go dtuigeann daoine an tábhacht a bhaineann leis an teanga agus cén fáth gur cheart an tseirbhís a chur ar fáil. Rud a tharla dom féin uair amháin ná gur dúradh liom, "If you say that in English, you might get through" nuair a dúirt mé "fo-líne 7041". Tá cúrsaí fheasacht teanga déanta sa Bhreatain Bheag agus d'fhéadfaí fiú é a aistriú ón mBreatnais agus é a chur ar fáil go forleathan. Ní ceann-dhúshlán a bheadh ansin.

Is moladh a chuireamar féin faoi bhráid Roinn na Gaeltachta - gan an teideal iomlán a thabhairt air - é an córas bónais. Dúramar gur cheart go mbeadh an córas mar a bhí. Dá mba rud é gur éirigh le duine, fuair sé nó sí 6% sa bhreis. Mholamar go mbeadh spriocanna éagsúla ann agus go bhféadfaí 2%, 4% agus 6% a bhaint amach ionas go mbeadh an córas ag freastal ar réimsí difriúla cumais. Spreagadh breise a bheadh ann do dhaoine le díriú isteach ar fhoghlaim na Gaeilge. Dá mbeadh a fhios acu go raibh ardú céime i gceist, bheadh buntáiste ann fiú amháin do dhaoine a bheadh réasúnta lag. Ní teip a bheadh acu mar a bhí roimhe seo. D'fhéadfadh daoine cúpla faoin gcéad de bhónas a fháil.

Maidir le coimisiún neamhspleách, sílim go mbeadh sé ina chuidiú an-mhór. Caidé atá ag obair sa Bhreatain Bheag? Cén córas a oibríonn i ndlínsí eile? Luaigh an Teachta Ó Cuív Ceanada. Tá dea-eiseamláir in áiteanna eile. Is léir go bhfuil drogall ar Ranna Rialtais córas a chur i bhfeidhm maidir le na poist a roghnú a bheadh an Ghaeilge riachtanach dóibh. D'fhéadfadh an coimisiún seo iad a ainmniú. Caithfear cainteoirí Gaeilge a chur mar phreas-oifigigh agus caithfidh Gaeilge a bheith sna rannóga áirithe sin. Sílim gur b'fhiú go mór an coimisiún sin a chur le chéile.

Maidir le háiseanna ar líne, tá go leor áiseanna ar líne againn cheana féin. An rud atá i gceist agam ná go mbeadh sé bunaithe ar shonraí do abairtí úsáideacha agus go mbeadh na céadta abairt ann. D'fhéadfadh daoine atá ag obair sna Tithe seo nó don Stát i gcoitinne teacht ar abairt ar ríomhaire agus éisteach le fuaimniú na habairte. Níl formhór na daoine atá ag obair do Ranna Stáit ábalta ainm a Roinne a rá. Rud praiticiúil a bheadh ann ainm gach Roinn a bheith ann, Roinn na Gaeltachta ach go háirithe, mar go mbíonn an-deacracht ag daoine leis an bhfocal "Oidhreacht". "Idreacht" a deir beagnach gach duine. Dá mbeadh bunachar mar sin ar líne agus dá mbeadh fáil ar ainmneacha ar eagraíochtaí Stáit, bheadh siad le cloisteáil agus bheadh abairtí úsaideacha ann.

An rud deireanach le lua ná na háiseanna dochreidte atá forbartha anois ag Foras na Gaeilge agus An Gúm agus an seicealaí litrithe darbh ainm Gaelspell chomh maith. Déarfainn nach bhfuil ach cúpla scór duine a bhfuil seiceálaí litrithe Gaeilge ar ríomhairí acu. Is rud an-shimplí é an fhadhb sin a leigheas. Níl a fhios ag daoine faoi na háiseanna atá ar líne. Úsáideann dreamanna Google Translate ach ní thuigeann siad go bhfuil áiseanna dochreidte forbartha anois ag Foras na Gaeilge. Tá go leor rudaí praiticiúla ann. Táimid ag caint ar rudaí go bhféadfaí a dhéanamh taobh istigh de chúpla bliain. Ní straitéis 20 bliain don Ghaeilge atá i gceist anseo. Straitéis cúpla bliain atá ann ar chostas cúpla milliún euro, dá mbeadh an toil ann. Gan an toil seo, caint san aer atá ann. Ní fiú an chaint seo a dhéanamh muna bhfuil an toil pholaitiúil ann. Tá sé sin ag brath ar na daoine atá i láthair inniu a bhfuil cumhacht agus tionchar acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.