Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gaeilge sa Státseirbhís

5:40 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ceapaim féin go bhfuil ceist ardaithe ansin ag an bhfinné. Níor mhaith liom a rá cé chomh fada is atáimse ag plé le pobal na Gaeltachta. Ach an oiread leis an bpobal Béarla, seachas na díograiseoirí, ní maith liom go mbeadh an iomarca trua dóibh. Tá siad ag iarraidh rud éigin agus an bhealach is éasca é a fháil. Má tá an tseirbhís ar fáil ar ard-chaighdeán trí Ghaeilge, úsáidtear Gaeilge. Mar shampla, úsáideann pobal na Gaeltachta Gaeilge le hÚdarás na Gaeltachta, le Roinn na Gaeltachta, le na polaiteoirí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus lena bhfoireann má tá Gaeilge ag an bhfoireann. Do na daoine ceannann céanna, agus déanaim féin an rud céanna, muna bhfuil Gaeilge fíor-líofa ag an duine, is éasca gnó a dhéanamh trí Bhéarla. Bíonn deifir ar dhaoine agus tá sé chomh héasca. Téann an fhadhb atá ann ar ais ag an rud a dúirt an Breitheamh Hardiman. Caithfidh an tairiscint dearfach a bheith ann do sheirbhís trí Ghaeilge. Ní cheart go mbeadh ar dhaoine a bheith olc leis an rud a fháil. B'shin an smaoineamh a bhí taobh thiar don Acht teanga.

Maidir leis an Státsheirbhís, céard é barúil an fhinné da mba rud é go ndéarfaí go gcaithfidh 10% den fhoireann bheith ar chéim a trí nó ceathar agus 10% eile a bheith ar chéim a cúig agus sé, mar shampla? An gaiscíocht a bheadh ann as seo amach, go ginearálta? Cad é a bharúil dá ndéarfaí freisin le Roinn na Gaeltachta go gcaithfear alt 13 den Acht a chur i bhfeidhm? Seo a leanas alt 13 den Acht atá ann i láthair na huaire, atá ar fhógra faoi alt 11. Sílim go gcaithfear plean a réiteach. Tá sé neamhbhalbh:

(2) Le linn dréacht-scéim a ullmhú, déanfaidh an comhlacht poiblí---

[...](c) a chinntiú go bhfuil líon leordhóthanach dá fhoireann inniúil sa Ghaeilge chun go mbeidh siad in ann a sheirbhís a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena soláthar trí Bhéarla,

(d) a chinntiú go bhfreastalófar ar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineann le seirbhísí a sholáthar i limistéir Ghaeltachta,

(e) a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí ná cibé dáta a chinnfidh sé le toiliú an Aire.

Is é an foráil deireanach an t-aon cheann amháin a raibh an tAire ceaptha dáta a chur air. Tá an dá cheann eile anois i bhfeidhm dhá bhliain tar éis teacht i bhfeidhm an Achta, mar go bhfeidhmíodh chuile mhír den Acht tar éis dhá bhliain. Agus é ag faomhadh pleananna, is léir nach bhfuil Roinn na Gaeltachta ag déanamh cinnte go bhfuil forálacha (c) agus (d) reachtúla curtha i bhfeidhm. Níl aon rogha ann. Tá Roinn na Gaeltachta ag sárú na forálacha trí bheith ag ceadú pleananna nach leanann (c) agus (d).

Ardaíonn sé seo ceist go gcaithfimid a thógáil leis an gCoimisinéir Teanga. Cén fáth nach bhfuil na pleananna teanga á thógáil i Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus á fhógairt don choiste seo ag teacht leis an leagan amach reachtúil? Tá sé dubh agus bloody bán go gcaithfear é sin a dhéanamh. Tá an fhadhb sin ann. Déanann muid dlite sna Tithe ach ní chuirtear i bhfeidhm iad, fiú ag Roinn na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.