Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 February 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Gaeilge sa Státseirbhís
5:40 pm
Mr. Éamonn Ó Dónaill:
Is eagraíocht Stáit é QQI a thugann cead do dhreamanna teastas a chur ar fáil do chúrsaí. HETAC agus FETAC a bhí orthu roimhe seo. Is é sin an eagraíocht a thug cead dúinne an cúrsa seo, teastas sa Ghaeilge ghairmiúil, a chur ar fáil. Sna laethanta seo, tá go leor cainte faoin nGaeilge sna Sé Chontae i dTuaisceart Éireann agus tá an Rialtas anseo ag iarraidh ar an DUP agus ar na hAontachtóirí glacadh leis an nGaeilge agus le Acht Gaeilge. Ag an am céanna, tá faillí an-mhóra á dhéanamh ag an Rialtas ar an teanga sa taobh seo den tír.
No comments