Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gaeilge sa Státseirbhís

5:30 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an Uasal Ó Dónaill as an gcur i láthair. Tá cur i láthair cuimsitheach déanta aige agus thug sé an cúlra go léir i dtaca leis an athrú polasaí ó thaobh an Stáit. Measaim gurb é sin bun agus barr an scéal i ndáiribh. An chéad teanga oifigiúil sa tír an Ghaeilge ach níl an Ghaeilge ar chomhchéim sa Státchóras. Leis sin a cheartú, tá athrú polasaí i gceist agus is iad na polaiteoirí - Tithe an Oireachtais - a gcaithfeadh é sin a chur i bhfeidhm trí reachtaíocht úr a thabhairt isteach. Sin bun agus barr an scéil. Níl an toil pholaitiúil ann faoi láthair chun é sin a dhéanamh. Nílimid ach ag cur i gcéill sna Tithe seo. Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl anois gan mhoill agus cur i gcéill go huile is go hiomlán atá i gceist, cé go bhfuil muid ag troid. Bhí bua ann ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn ag leibhéal na hEorpa. Bhuaigh muid an cath sin agus tá an Ghaeilge anois aitheanta.

Nach greannmhar sna cainteanna go léir i dtaca le Brexit gurb é an chéad teanga oifigiúil atá againne san Eoraip ná an Ghaeilge agus ní an Béarla. An t-aon áit eile a labhraíonn Béarla go hoifigiúil sna hinstitiúidí Eorpacha ná Malta. Tá siadsan ag iarraidh bheith ag troid linne fá choinne an Béarla a choinneáil mar theanga bheo san Eoraip. Táimse cinnte dá rachfaí isteach sna taifid éagsúla sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus Roinn an Taoisigh go bhfeicfí go bhfuilimidne ag tabhairt tacaíochta leis an mBéarla a choinneáil. Ní droch-rud ar bith é sin agus is teanga oibre é feasta ag leibhéal na hEorpa.

Ón méid atá ráite ag Éamonn Ó Dónaill inniu, tá sé ag díriú aird ar fhadhbanna móra sa Státchóras. Rinne an Teachta Éamon Ó Cuív tagairt do Cheanada. Tá Quebec agus Ontario ansin. Ní féidir jab a fháil sa Státchóras ansin muna bhfuil an Fhraincis ag an duine. Mar sin, caithfimid tabhairt faoin bpolasaí a athrú. Glacfaidh sé sin toil polaitiúla agus tá sé sin aitheanta ag an bhfinné. Ó thaobh na daoine atá ag déanamh na cúrsaí seo faoi láthair, measaim gurb iad féin atá ag iarraidh na cúrsaí a dhéanamh ag fás as spriocanna pearsanta atá acu féin. Níl sé leagtha síos ag leibhéal polasaí go gcaithfidh siad na cúrsaí seo a dhéanamh. Is é sin an áit ina bhfuil an fhadhb. Measaimse gur chóir go mbeadh sé leagtha síos. Is cuma faoi leibhéal a trí, ceathair nó cúig, tá daoine ag dul ar an treo ceart leis na cúrsaí seo.

Níl aon taithí agam ar an QQI. An bhfuil sé cosúil leis an gcúrsa Béarla Cambridge gur féidir a dhéanamh fá choinne Béarla a fhoghlaim? Tá daoine ón Fhrainc agus ón Spáinn ag foghlaim Béarla sa tír seo. An é sin an sórt cúrsa céanna? Maidir le polasaí Stáit de, aontaím go huile is go hiomlán leis an Teachta Tóibín. Theip go huile is go hiomlán ar an bpolasaí. D'aithin an Coimisinéir Teanga deireanach é sin nuair a d'éirigh sé as a phost. Tá obair le déanamh againn sa choiste seo. Tá obair thábhachtach le déanamh againn faoin gCathaoirleach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.