Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gaeilge sa Státseirbhís

5:20 pm

Mr. Éamonn Ó Dónaill:

De réir a chéile, tá líon na ndaoine atá ag déanamh an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil ag méadú. Ar dtús, b'fhéidir nár tugadh faoi deara go raibh a leithéid de chúrsa ann. Ní chuireadh mórán suntais ann ach, de réir a chéile, tá líon na ndaoine ag méadú. In eagraíocht amháin anseo i mBaile Átha Cliath, tá seisear atá ag obair in aice le chéile i ndiaidh cúrsa a dhéanamh. Mar a dúirt duine atá ag obair ansin, tá mion-Ghaeltacht tar éis a bheith bunaithe. Tá na daoine seo ag úsáid na Gaeilge i ndiaidh an chúrsa. Rinne an saoiste - an duine a bhí i gceannas orthu - teagmháil linn. Thug sé faoi deara go raibh sé seo ag tarlú agus go raibh an Ghaeilge á úsáid sa rannóg áirithe seo. Duine é seo nach raibh an oiread sin spéis aige sa Ghaeilge ach rinne sé cinneadh cúrsa a dhéanamh agus rinne beirt an-sinsearach san eagraíocht cinneadh cúrsa a dhéanamh toisc go raibh an t-athrú cultúir seo ag tarlú.

Tá sé ag tarlú ar bhonn an-teoranta ach an sprioc atá leis go fadtéarmach ná dul i bhfeidhm ar eagraíochtaí. Nuair a thagann daoine chun cainte linn, déanaimid measúnú réamhchúrsa leis na daoine a bhfuil suim acu san oiliúint. Bíonn daoine trína chéile. Bíonn siad neirbhíseach. Bíonn siad i ndiaidh drochthaithí a bheith acu. Taimid ag iarraidh é sin a athrú go suntasach agus ag iarraidh muinín a thabhairt do dhaoine. De réir a chéile, táimid ag iarraidh go scaipfí an scéala in eagraíochtaí agus go n-athródh an cultúr de réir a chéile. B'fhéidir go bhfuil muid an-uaillmhianach, ach sin an-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.