Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gaeilge sa Státseirbhís

5:20 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Sin ceist a chur mé ach is ceist don choiste é maidir leis an 10% nó 20% agus mar sin de. Is dócha gur freagraíodh é. Tá mise in amhras nuair atá an Státseirbhís ag rá go bhfostóidh muid daoine le Gaeilge maidir leis an gcaighdeán Gaeilge atá i gceist. Caithfimid a bheith gairmiúil faoi seo. Tá caighdeán idirnáisiúnta ann a ghlactar leis, mar shampla, san Eoraip agus i dtíortha eile. Caithfimid a bheith ar chomhchaighdeán. Mura ndéanfaimid é sin, tá níos mó Béarla ag an nGaeilgeoir ná mar atá an Ghaeilge ag an mBéarlóir agus iompróidh siad ar fad ar an mBéarla. Tuigeann muid é sin. Níl fadhb ar bith agam má ghlaoim ar Roinn Rialtais, ach tá múnla an-mhaith ag Ceanada. Má bhíonn an duine a bhíonn ag freagairt an fhóin in ann cúpla abairt a úsáid agus é a chur tríd, bíonn sé sin ceart go leor. Abair, post ar chaighdeán C a bheadh ansin, ach caitheadh an duine a bheadh ag obair i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha agus ag plé leis an bpobal Gaeltachta ó lá go lá a bheith ar chaighdeán A. Bhíodh sé sin sonraithe sna poist. Is dóigh liom go gcaithfimid dul ansin agus go gcaithfeadh sé a bheith seachtrach. Ba mhaith liom barúil an fhinné faoi sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.