Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 February 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Gaeilge sa Státseirbhís
5:20 pm
Mr. Éamonn Ó Dónaill:
Tá breis is 620 duine ann faoi láthair. Níl na figiúirí os mo chomhair amach. Níl leibhéal 6 díreach tosaithe. D'fhorbair muid na cúrsaí thar tréimhse roinnt blianta agus tá leibhéal 6 díreach déanta uair amháin. In dá eagraíocht éagsúla, tá breis is 30 duine atá i ndiaidh é a dhéanamh. Rinne siad é idir Deireadh Fómhair agus an Nollaig. Tá formhór na ndaoine ag leibhéal 4. Ní thiocfainn figiúir a lua, ach shamhlóinn as na ceithre leibhéal go bhfuil beagnach leath den 620 duine ag leibhéal 4. Is féidir liom briseadh síos ar na figiúirí cuí a chur ar fáil don choiste.
No comments