Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gaeilge sa Státseirbhís

5:10 pm

Mr. Éamonn Ó Dónaill:

Is córas seanbhunaithe é go gcuireann dream cúrsa ar fáil agus ag deireadh an chúrsa go mbíonn scrúdú ann. I gcás an chúrsa seo, an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, is cúrsa é de chuid Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, QQI, agus tá córas iontach docht acu. Tá scrúdaitheoir seachtrach againn, cur i gcás. Tháinig QQI ar chuairt againn nuair a bhí athbhreithniú ar siúl ar an chúrsa in 2016. Bhí próiseas millteanach casta agus fada i gceist le déanamh cinnte go raibh caighdeán cuí ag baint leis an chúrsa. Tá muinín agam san eagraíocht sin, QQI. Mar a deirim, is rud é a tharlaíonn go forleathan. Ní muidne an t-aon dream ar domhan a bhíonn ag tairscint cúrsa agus ansin ag cur scrúduithe ar fáil ag a dheireadh. Go dtí seo tá QQI sásta leis an chóras atá againn. Mar a dúirt mé chomh mhaith, tá an scrúdaitheoir seachtrach ann chun a chinntiú nach dtiteann an chaighdeán. Tá an t-aiseolas atá faighte go dtí seo faoin chúrsa thar a bheith dearfach, ó na foghlaimeoirí féin agus ó na hoifigigh oiliúna agus na hoifigigh Gaeilge a mbímid ag plé leo. Tá gá leis an chúrsa. Tá cáil agus líon na bhfoghlaimeoirí ag fás an t-am ar fad.

D'fhiafraigh an Teachta faoin bhrí atá ag leibhéal 3, 4, 5 agus 6. An duine a dhéanann cúrsa ag leibhéal 3, sin an duine, b'fhéidir, a rinne gnáthleibhéal Gaeilge san ardteist. Duine, i ndairíre, nach raibh in ann an teanga a labhairt go maith riamh. Duine a raibh staidéar go maith déanta aige ach go raibh deacrachtaí aige leis an teanga. Sin duine ag leibhéal 3. An rud a dhéanaimid ná cuirimid oiliúint ar dhaoine le hiad a ullmhú. Tuigimid nach mbíonn an Ghaeilge á labhairt ag daoine ag gnáthleibhéal go minic.

Ullmhaíonn muid iad sula dtéann siad isteach i leibhéal 3. Nuair a bhíonn leibhéal 3 déanta ag duine, cén rud a bhíonn an duine sin ábalta a dhéanamh? An chéad rud ná bíonn siad níos báúil don teanga. Téimid i bhfeidhm orthu ar an bhealach sin. Ó thaobh seirbhís a chur ar fáil, caithfimid a bheith réadúil. Ní féidir leo ach seirbhís bhunúsach a chur ar fáil agus a rá, "Fan ar an líne agus gheobhaidh mé an duine cuí". Tá daoine áirithe a thosaigh ag leibhéal 3 atá tar éis bogadh suas go dtí leibhéal 5 faoin am seo. Faoin am a bhaineann duine leibhéal 6 amach, tá an duine sin i ndáiríre ábalta feidhmiú go gairmiúil trí mheán na Gaeilge ina phost sa chóras Stáit. Sin an difir agus tá an réimse iomlán ann.

Déarfadh daoine áirithe, "Cén fáth an bhfuil sibh ag bacaint le daoine ag leibhéal 3? Tá siad ró-lag. Ní fiú é." Caithfí daoine a spreagadh, áfach. Caithfimid an deis a chur ar fáil do dhaoine agus deis a thabhairt dóibh bogadh suas tríd an chóras. Tá sé sin ag tarlú. Sin an réimse atá ann ó thaobh chumais de agus sin an chiall atá leis na leibhéil éagsúla. Luadh go sonrach leibhéal 4. Bheadh duine a bhfuil leibhéal 4 bainte amach aige ábalta seirbhís bhunúsach agus réasúnta a chur ar fáil. Tá an réimse iomlán i gceist. Nílimid ag iarraidh duine ar bith a chur ó dhoras. Táimid ag iarraidh daoine a spreagadh. Tagann daoine chugainn an t-am ar fad agus deir siad nach bhfuil muinín ar bith acu, that they have no confidence in their Irish or their ability to speak it and that they failed. Ní deir siad riamh gur theip ar an chóras ach gur theip orthu. Táimid ag iarraidh an meon a athrú agus an cultúr sa chóras a athrú trí chéile.

Bhí ceist eile ann faoi scrúdú maidir leis an 10%. Is dócha gur cheart dream éigin seachtrach an scrúdú sin a reachtáil. Aontaím leis an Teachta sa mhéad sin. B'fhéidir go raibh ceist amháin eile ann ach ní chuimhin liom-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.