Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 February 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Gaeilge sa Státseirbhís
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Céad míle fáilte romhaibh go léir. Tá cúigear ann. Tá an tinreamh iontach inniu. Tá leithscéal faighte againn ó na Seanadóirí, Trevor Ó Clochartaigh agus Joe O'Reilly. Cuirimid tús leis an toscaireacht. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh an tUasal Éamonn Ó Dónaill ar dtús. De ghnáth tosnaímid leis na gnáthrudaí ach inniu tá na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí faoi bhrú de bharr cruinnithe eile. Tá rud beag le léamh amach ag an gcléireach maidir leis an dlí.
No comments